Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 8 May 1991

Vol. 408 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontais do Bhannaí Ceoil.

Dinny McGinley

Ceist:

7 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ar dheontas le haghaidh banna píbe sóisearach Ghaoth Dobhair, cén dáta ar deineadh an t-iarratas agus an bhfuil deontas ceadaithe.

Dinny McGinley

Ceist:

8 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cad iad na bannaí ceoil Ghaeltachta ar ceadaíodh deontas dóibh ó 1987 go dáta, cad é méid an deontais atá í ngach cás agus an méid den deontas atá íoctha go dtí seo.

Dinny McGinley

Ceist:

9 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil iarratas ar dheontas faighte ina Roinn do Bhanna Ceoil Mhullach Dubh i dTír Chonaill, cén dáta ar deineadh an t-iarratas agus an bhfuil deontas á cheadú sa chás seo.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7, 8 agus 9 le chéile.

Maidir le Banna Ceoil Mhullach Dubh, íocadh deontas £500 leo tamall ó shin agus fuarthas iarratas eile uathu dar dáta 11 Aibreán 1991. Fuarthas iarratas dar dáta 24 Aibreán 1990 ó Bhanna Píobhairí Óga Ghaoth Dobhair. Déanfar cinneadh faoin dá iarratas a luaithe is féidir. Cuirfear sonraí faoi na bannaí ceoil Gaeltachta ar ceadaíodh deontas dóibh ó 1987 i leith timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.

Deontais a ceadaíodh do bhannaí ceoil ó 1 Eanáir 1987 i leith

Buíon Ceoil

Iomlán Ceadaithe

Íoctha go dáta

£

£

Duibhlinn Riach

1,250

1,250

Cloch Cheann Fhaola

1,500

1,500

Coiste Ceoil agus Cultúrtha Inis Oírr

600

600

Na Doirí Beaga

2,000

2,000

Athphort, Oileán Árainn Mhór

1,000

1,000

Píob agus Druma an Daingin

2,000

2,000

Mullach Dubh

500

500

Rann na Feirste

2,000

Oileán Thoraí

1,500

1,500

Coiste Ceoil Iorras Aithneach, Carna

2,000

1,360

Naomh Cróna, An Clochán Liath

2,000

Coláiste Ghobhnatan, Baile Bhúirne

1,000

Tá mé cinnte go n-aontódh an tAire Stáit go bhfuil páirt an-tábhachtach ag bannaí ceoil i saol cultúrtha agus sóisialta na Gaeltachta agus fiú amháin go bhfuil leabhair scríofa ina dtaobh, "An Druma Mór" ar cheann acu. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire, cén uair a bheidh sé ábalta cinneadh a dhéanamh ó tharla go bhfuil ceann de na hiarratais istigh le breis agus bliain, agus ó tharla go bhfuil costais mhóra ag baint le banna ceoil agus go speisialta banna píbe, an bhféadfadh sé cinneadh a dhéanamh gan mhoill?

Tá a fhios agamsa go bhfuil costais iontach mór ag baint leis seo, go bhfuil méadú £20,000 ar na meastacháin, idir éidí agus ghléasra ceoil. Geallaim do mo chomhghleacaí go ndéanfar cinneadh go han-luath.

An mbeidh an cás céanna amhlaidh maidir le banna ceoil Mhullach Dubh, cé nach bhfuil an t-iarratas istigh ach le mí? An mbeidh sé ábalta cinneadh a dhéanamh gan mhoill ansin?

Níl an t-eolas go léir againn maidir le Mullach Dubh. Tá an t-eolas go léir againn maidir le banna píbe sóisearach Ghaoth Dobhair, agus déanfar cinneadh air sin go luath. Ina dhiaidh sin, déanfar cinneadh ar an iarratas ó Mhullach Dubh chomh luath agus is féidir.

An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil an deontas á mholadh don dá bhanna nó d'aon cheann acu. An bhfuil sé molta go n-íocfaí deontas leo?

I ndeireadh thiar thall mé féin a bheidh ag déanamh an chinnidh sin.

Barr
Roinn