Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 19 Jun 1991

Vol. 409 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Gná Teanga sa Ghaeltacht.

Dinny McGinley

Ceist:

2 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an cúis imní dó toradh suirbhé (sonraí tugtha) a deir nach bhfuil ach 20,000 duine sa Ghaeltacht arb í an Ghaeílge a ngnáth-theanga laethúil agus nuair a chuirtear an toradh seo san áireamh le tuairiscí eile a foilsíodh le déanaí, an aontódh sé go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú agus ag meath sna ceantair Ghaeltachta.

Tuigim go ndearnadh an suirbhé a luaitear roinnt blianta ó shin chun sonraí a fháil faoin éisteacht a bhí ar chláracha Raidió na Gaeltachta. Ní ghlacaim leis go dtugann na freagraí a tugadh ar cheist amháin sa suirbhé léargas muiníneach ar staid reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is eol dúinn go léir go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú an Bhéarla sa Ghaeltacht agus is cúis imní domsa an meath atá ag teacht le blianta ar úsáid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Ach níl mé gan dóchas faoi thodhchaí na Gaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide sa Ghaeltacht. Tá caomhnú na Gaeilge mar ghnáthurlabhra mar bhun-aidhm ag na scéimeanna éagsúla atá á reachtáil ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta. Ar ndóigh, is ar phobal na Gaeltachta cuid mhór a bhraitheann slánú na Gaeilge mar theanga labhartha inti.

I wish to record my protest at the way you handled my question, a Cheann Comhairle. You have behaved in a manner which is not fair to all Members of the House.

Deputy Barry, you will not reflect upon the Chair——

It is a serious question and you cut it off much too soon.

I have no apology to make to the Deputy as regards the manner in which I deal with Question Time.

The Minister cut in on Deputy Barry's question.

It will be in the next——

The Chair cannot be involved in local matters.

An aontódh an tAire Stáit gur cúis imní dúinn go léir gur cuireadh trí thuairisc ar fáil le bliain anuas? Chuir Reg Hindley an chéad cheann ar fáil, nach mbeadh aon Ghaeltacht ann i gceann 30 bliain; an dara ceann a chuir Breandán Ó hEithir, nach maireann, ar fáil agus a deir nach bhfuil ach 10,000 cainteoir dúchais a labhraíonn Gaeilge go rialta sa Ghaeltacht; agus an tríú ceann atá curtha ar fáil ag an MRBI a deir nach bhfuil ach 20,000 ann. An aontaíonn an tAire Stáit leis na figiúirí seo? Tá siad uilig ag rá go bhfuil an Ghaeltacht ag dul sa treo céanna, ag ísliú agus ag lagú. An gcuireann sé sin imní ar an Aire Stáit agus ar an Taoiseach féin.

Caithfear a rá nach bhfuil mórán bunúis leis an suirbhé seo a rinneadh i mí na Samhna, 1989. De réir an eolais atá againne — níor foilsíodh an suirbhé sin i mbliana ach sceitheadh toradh chuid den suirbhé sin maidir leis an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha na Gaeltachta — is í an phríomhaidhm a bhí taobh thiar de so ná go raibh RTÉ ag iarraidh a fháil amach an éisteacht a bhí le cláir Raidió na Gaeltachta ag an am sin, agus is suirbhé inmheánach a rinneadh. Ach anois, níl a fhios againn cad chuige ar sceitheadh é seo. Caithfidh go bhfuil aidhm eile taobh thiar de. Ní ghlacaimse leis gur féidir mórán bunúis a bheith leis an suribhé seo, mar, arís, de réir an eolais atá agamsa glacadh samplaí lasmuigh den Ghaeltacht.

Iarraim ar an Teachta ár nGaeltacht féin a thogáil mar shampla. De réir an tsuirbhé seo, níl ach 4,500 duine i nGaeltacht Thír Chonaill ag labhairt Gaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide. Glacaimid uilig leis, i bparóiste an Teachta, paróiste Ghaoth Dobhair, go bhfuil suas le 4,500. Níl bunús ar bith leis. Níl na figiúirí cruinne agamsa ach b'fhéidir go mbeidh an comhlacht sásta iad a chur a fáil dúinn. Teastaíonn uaim go mbeadh córas ann ach glacfar leis go bhfuil sé iontach deacair teacht ar chóras eolaíoch chun suirbhé mar seo a reachtáil. Beimid ag fáil toradh an daonáirimh amach anseo agus ina dhiaidh sin beidh cainteanna agam laistigh de mo Roinn le daoine eile a bhfuil suim acu sa cheist seo maidir le córas gur féidir a úsáid. Ach ní dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil córas ar bith ann. Is rud subjective é seo, mar a deirtear i mBéarla.

Tá mé cinnte ón méid atá ráite ag an Aire Stáit go n-aontaíonn sé liom féin, is é sin go ndéanann suirbhéanna den chineál seo nach dtugtar freagra orthu, dochar don Ghaeltacht agus do thodhchaí na Gaeltachta agus tá sé iontach tábhachtach go mbeimis anseo ábalta freagra a thabhairt ar na pointí atá á ndéanamh ag suirbhé i ndiaidh suirbhé. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit an cás seo a phlé, mar shampla, le Bord na Gaeilge a bhfuil dualgas reachtúil orthu i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, agus cad iad a dtuairimí siúd faoi na suirbhéanna seo.

Ceapaim go bhfuil an bheirt againn ar aon intinn maidir leis an suirbhé seo, suirbhé mhí na Samhna, 1989. Caithfear a rá arís gur sceitheadh cuid den eolas agus níor cuireadh an t-eolas agus toradh an tsuirbhé go léir ar fáil. Is éigean a rá go bhfuil aidhmeanna éagsúla taobh thiar de seo. B'fhéidir go bhfuil uisce faoi thalamh ann, b'fhéidir go bhfuil daoine ag iarraidh rud éigin a chruthú, ach ní féidir linn glacadh leis seo agus taréis an daonáirimh beidh mé sásta é seo a phlé le heagraíocht ar bith chun teacht ar chóras. Níl locht ar bith agamsa ar chóras a thabharfadh toradh cruinn maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus maidir leis an líon daoine agus an líon teaghlach atá ag labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga.

An aontódh an tAire Stáit go bhfuil sé in am scrúdú a dhéanamh ar pholasaí Stáit an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Má ligimid do rudaí leanstan ar aghaidh mar atá is dócha nach mbeidh Gaeltacht ar bith faoi cheann glúine nó dhó eile; tá géarghá le hathscrúdú a dhéanamh ar pholasaí bhunúsach an Stáit i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Ar ndóigh, bíonn athscrúdú leanúnach á dhéanamh againn sa Roinn agus ag Bord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Chruthaíomar, an tAire féin, an Taoiseach, agus mé féin mar Aire Stáit, i mbliana cé chomh fábharach agus atáimidne maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Níl le déanamh ach amharc ar mheastacháin Roinn na Gaeltacht agus Údarás na Gaeltachta. Táimid ag déanamh gach iarrachta, ach ní féidir an fhadhb seo, an Ghaeilge a chaomhnú, a shárú le hairgead amháin. Táimid ag brath go mór ar spiorad na ndaoine agus ní ghlacaim leis seo, agus ní dóigh liom go bhfuil mórán suime sa Ghaeilge ag daoine a bhfuil baint acu leis seo.

Barr
Roinn