Níor thóg sé bliain, agus caithfidh mé é seo a rá leis an Teachta. B'fhéidir nach bhfuil a fhios aige an dóigh a n-oibríonn an córas. Nuair a ghlanann Údarás na Gaeltachta iarratas, caitear é a chur chugamsa. Ina dhiaidh sin, nuair atá deontas os cionn mhilliún punt, is éigean é a chur chuig an Rialtas. Chomh maith leis sin caithfimid moltaí a fháil ó na Ranna Stáit cuí eile. Níl mise, ná Aire ar bith eile, ag dul a ghlanadh deontas ar son deontas a ghlanadh. Fiú más Dún na nGall nó áit ar bith eile atá i gceist, caithfear an dualgas sin atá orainn a chomhlíonadh.