Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 22 Oct 1991

Vol. 411 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Cainteoirí Gaeilge.

John Browne

Ceist:

12 D'fhiafraigh Mr. Browne (Carlow-Kilkenny) den Taoiseach cé mhéad clann atá fágtha sa Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an teaghlaigh agus cé mhéad clann sa Ghalltacht ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an teaghlaigh.

Níl an t-eolas a iarrtar sa Cheist ar fáil.

Cuirtear ceist sa Daonáireamh maidir le cumas labhartha na Gaeilge agus de réir torthaí Dhaonáireamh na bliana 1986 bhí 400,638 dteaghlach sa tír le cainteoir/cainteoirí Gaeilge. Ní chuirtear sonraí ar leith ar fáil faoi líon na dteaghlach sa Ghaeltacht.

(Carlow-Kilkenny): An bhfuil an t-eolas ag an Aire Stáit faoin méid teaghlach atá ag fáil deontas toisc go bhfuil Gaeilge mar ghnáththeanga sa teach acu?

Sa scoil bhliain 1989-90, faoi scéim deontais labhairt na Gaeilge atá á reachtáil ag an Roinn thuill 2,492 theaghlach an deontas i leith dalta nó daltaí i mbunscoileanna; 159 teaglach i leith dalta nó daltaí in iar-bhunascoileanna, agus 49 teaghlach i leith dalta nó daltaí a bhí ag gabháil d'oideachas ag an tríú leibhéal.

(Carlow-Kilkenny): An gceapann an tAire Stáit go bhfuil laghdú nó méadú — glacaim go bhfuil an imirce agus an dífhostaíocht ag cur isteach air — ag teacht ar labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair?

Tá sé iontach deacair tuairim a thabhairt air sin, ach de réir torthaí Daonáireamh na bliana 1986 bhí 58,451 daoine sa Ghaeltacht, is é sin 74 faoin gcéad de dhaonra na Gaeltachta, gur cainteoirí Gaeilge iad. Ach tá sé fíordheacair an cineál sin eolais a fháil os rud é go bhfuilimid ag brath ar féin-mheasúnacht na ndaoine. Mar sin féin taimid ag teangmháil leis an bpríomh-oifig Staidrimh faoi láthair chun a aimsiú an féidir an cineál sin eolais a fháil as seo amach.

Barr
Roinn