Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 3 Mar 1992

Vol. 416 No. 6

Written Answers. - Ministerial Policy.

Ruairí Quinn

Ceist:

154 Mr. Quinn asked the Minister for the Gaeltacht if he will set out the legislative and administrative priorities of his Department following his appointment as Minister; and if he will make a statement on the matter.

Tá na scéimeanna deontais éagsúla atá á reachtáil ag mo Roinnse á scrúdú agam faoi láthair chun a chinntiú go bhfuil lántairbhe ó thaobh na Gaeilge de á fháil as an gcaiteachas ar na scéimeanna sin.

Is fadhb mhór í an dífhostaíocht sa Ghaeltacht agus beidh mé ag tabhairt ar Údarás na Gaeltachta dlús a chur lena gcuid iarrachtaí chun tionscail fhiúntacha a aimsiú don Ghaeltacht ar mhaithe le fostaíocht bhreise a chruthú.
Tá imní orm faoi staid na Gaeilge i gcuid mhaith de na tionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón Údarás agus táthar i gcomhairle leis an Udarás d'fhonn feabhas a chur ar an scéal.

Ruairí Quinn

Ceist:

155 Mr. Quinn asked the Minister for the Gaeltacht if he will outline the precise actions he intends to take now to promote equality within his Department in general and in particular to promote qualified women to higher posts within his Department; and if he will make a statement on the matter.

Cuireann mo Roinn-se i bhfeidhm agus seasann sí go hiomlán leis an bPolasaí agus Treoirlínte um Chomhionannas Deiseanna don Státseirbhís.

Ruairí Quinn

Ceist:

156 Mr. Quinn asked the Minister for the Gaeltacht if he will define the new and existing responsibilities of the Minister of State within his Department following the recent changes in the Government; and if he will make a statement on the matter.

Cabhraíonn an tAire Stáit i Roinn na Gaeltachta liom chun mo dhualgais mar Aire na Gaeltachta a chomhlíonadh. Ní dhearnadh athrú ar na cúraimí atá air mar Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta de bharr na n-athruithe a tharla sa Rialtas le déanaí. Feidhmíonn sé mar Aire Stáit i Roinn na Mara anois chomh maith — cúram nach raibh air roimh na n-athruithe is déanaí.

157. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta maidir le hobair feabh-sucháin ar Choláiste na Rosann, Anagaire, Contae Dhún na nGall, an bhfuil socrú déanta ag an Roinn deontas a chur ar fáil.

Tá deontas ceadaithe i bprion-sabal sa chás seo le tamall anuas. Tá tuilleadh eolais faighte ag mo Roinnse maidir le costas na hoibre agus tá an t-eolas sin á scrúdú faoi láthair. Déanfar cinneadh críochnaitheach maidir le méid an deontais go luath.

Barr
Roinn