Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 10 Mar 1992

Vol. 417 No. 1

Written Answers. - Voluntary Groups Funding.

Dick Spring

Ceist:

108 Mr. Spring asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of the funding, if any, which is available to voluntary groups under any of the following, or any other headings, and if he will also outline the means of application: (a) development of community centres, (b) youth activities, (c) crèches, (d) women in education, (e) education in rural areas, (f) anti-poverty, (g) women's groups, (h) rural enterprise, (i) day care centres, (j) care of the elderly, (k) laundry, (l) meals on wheels, (m) tidy towns, (n) setting up community co-ops, (o) alternative energy, (p) mother and child, (q) development in traditional craft, (r) sport and (s) health.

Bíonn cúnamh ar fáil ó mo Roinnse do raon fairsing gníomhaíochtaí a thionscnaítear go deonach sa Ghaeltacht. Ina measc siúd tá cúnamh ar fáil chun ionaid phobail a sholáthar (soláthar £700,000 i mbliana) agus chun áiseanna spóirt agus chaithimh aimsire (ar a n-áirítear áiseanna don aos óg) a chur ar fáil (soláthar £100,000 i mbliana). Tá cúnamh ar fáil freisin do chomharchumainn fhorbartha pobail sa Ghaeltacht (soláthar £430,000 i mbliana) agus íoctar deontas bliantúil le Cumann na bhFiann (£185,000 i mbliana) a eagraíonn clubanna óige trí Ghaeilge i gceantair áirithe ar fud na tíre.

Tugann Údarás na Gaeltachta cúnamh d'eagrais dheonacha éagsúla sa Ghaeltacht d'fhonn úsáid na Gaeilge mar gnáth mheán cumarsáide a chur chun cinn. Seo a leanas sonraí faoi na cineálacha eagras a bhíonn i gceist: Fondúireacht Van Leer/Muintearas na n-Oileán; naíonraí; óg chlubanna; coistí sóisialta a bhunaítear i gcuideachtaí; coistí a reachtálann cúrsaí Ghaeilge; agus coistí a eagraíonn féilte áitiúla, etc.
Bíonn teacht ag comharchumainn Ghaeltachta ar chúnamh ón Údarás chun tionscail a bhunú. Is féidir iarratas a dhéanamh i bhfoirm litreach i leith aon cheann de scéimeanna mo Roinnse nó de chuid an Údaráis.
Barr
Roinn