Eamon Gilmore
Ceist:98 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire an Gaeltachta cad í an tsuim airgid a chaith Roinn na Gaeltachta i gContae Phort Láirge i ngach gné dá cuid oibre sna blianta 1987 go 1991 agus an dá bhliain sin san áireamh.
Vol. 418 No. 7
98 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire an Gaeltachta cad í an tsuim airgid a chaith Roinn na Gaeltachta i gContae Phort Láirge i ngach gné dá cuid oibre sna blianta 1987 go 1991 agus an dá bhliain sin san áireamh.
Chaith mo Roinnse na suimeanna airgid seo a leanas i gContae Phort Láirge sna blianta 1987 go 1991 agus an dá bhliain sin san áireamh: 1987, £74,356; 1988, £98,326; 1989, £76,670; 1990, £80,059; 1991, £61,735.
Ar ndóigh cuireann mo Roinnse cúnamh airgid ar fáil dÚdarás na Gaeltachta, do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge agus téann cuid den chúnamh sin chun tairbhe na Gaeilge agus na Gaeltachta i gCo Phort Láirge chomh maith.