Tairgim:
"Go ndeonófar suim nach mó ná £21,888,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Suim £21.888 milliún atá i Meastachán Roinn na Gaeltachta i mbliana. Nuair a chuirtear leis sin airleacan £5.5 mhilliún a íoctar díreach as an bPríomhchiste le Údarás na Gaeltachta, agus iasachtaí £100,000 as Ciste na nIasachtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe sa Ghaeltacht, feicfear go bhfuil beagnach £27,500,000 á chur ar fáil i mbliana don Roinn, don Údarás agus do Bhord na Gaeilge ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Is deimhniú é sin go bhfuil leas eacnamaíoch, sóisialach agus cultúrtha na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge á gcur ar aghaidh ag an Rialtas le fonn agus le fuinneamh.
Is iad seo a leanas na príomhshuimeanna sa Vóta i mbliana; £1,100,000 do dheontais tithíochta; £2,000,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £1,670,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil d'fhonn bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt; £2,000,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, nuachtán agus irisí Gaeilge; £10,073,000 d'Údarás na Gaeltachta idir chaiteachas reatha agus chaiteachas caipitil ar dheontais: leis an airleacan a luaigh mé, tugann sé sin iomlán an chúnaimh ón Stát don Údarás i mbliana go £15,573,000; agus £5,090,000 do Chiste na Gaeilge chun freastal ar Bhord na Gaeilge, eagrais áirithe Ghaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus tograí eile ar mhaithe leis an nGaeilge: is as fáiltais an Chrannchuir Náisiúnta a dhéantar an t-airgeadú seo.
Le linn 1991 cruthaíodh beagnach 900 post nua ar an bhfód i gcomhlachtaí sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta i gcomparáid leis an sprioc de 600 post nua a bhí ann. Is cúis dhíomá í gur cailleadh beagnach an méid céanna post agus a cruthaíodh i rith na bliana sin, rud a d'fhág gur beag athrú a tháinig ar leibhéal na fostaíochta lánaimseartha ag deireadh na bliana 1991 i gcomparáid le deireadh na bliana 1990. Ag deireadh na bliana seo caite, bhí 5,597 nduine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail faoi scáth an Údaráis i gcomparáid le 5,587 nduine ag deireadh na bliana 1990. Léiríonn sé seo na deacrachtaí móra trádála a cruthaíodh do chomhlachtaí Gaeltachta ina gcuid margaí ag baile agus thar lear. Tá fostaíocht shéasúrach ríthábhachtach sa Ghaeltacht agus tháinig meadú de bheagnach 20 faoin gcéad ar líon na bpost sin i 1991, rud a d'fhág go raibh 2,263 fostaithe go séasúrach i dtionscail faoi scáth an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite.
Tá an cúlú eacnamaíochta idirnáisiúnta ag cur isteach go fóill ar fhorbairt thionsclaíoch sa Ghaeltacht. Níl tograí atá ceadaithe ag an Údarás á gcur i bhfeidhm chomh tapaidh agus a bhíothas ag súil leis. Anuas air sin, go dtí seo i mbliana, níl an oiread cúnaimh ceadaithe agus a bhí sa thréimhse chéanna anuraidh. D'ainneoin sin, tá tionscail á mbunú agus á bhforbairt an t-am ar fad agus tá dóchas ag an Údarás go sárófar an sprioc fostaíochta de 600 atá acu do 1992.
Aithníonn an Rialtas go maith na deacrachtaí bunúsacha a bhíonn le sárú ag an Údarás agus iad ag iarraidh forbairt na Gaeltachta agus caomhnú agus leathadh na Gaeilge a chur chun cinn. Tá forbairt eacnamaíochta agus forbairt chultúrtha fite fuaite lena chéile agus tá gné na teanga mar pháirt bhunúsach de stráitéis chun an Ghaeltacht a shlánú. Faoi mar atá ráite agam cheana, tá soláthar de £15.573 mhilliún ón Stát déanta don Údarás i mbliana.
Den tsuim sin, is caipiteal £13.2 mhilliún, £7.7 mhilliún ó Vóta na roinne chun deontais a íoc mar chabhair chun tionscail nó scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht agus £5.5 mhilliún mar airleacain ón bPríomh-Chiste chun monarchana a thógáil nó a athchóiriú, infheistíocht a dhéanamh i scaireanna i bhfochuideachtaí agus i gcomhchuideachtaí agus chun maoin a cheannach.
Is laghdú é sin ar an tsuim a cuireadh ar fáil anuraidh, ach bhí cúnamh mór i gceist sa bhliain sin do thionscal mór amháin rud nach bhfuil sa treis i mbliana. Tá suim £2.373 mhilliún á chur ar fáil mar dheontas-i-gcabhair mar chabhair chun costais reatha an Údaráis a íoc. Táim sásta go mbeidh ar chumas an Údaráis obair fhiúntach a dhéanamh i mbliana ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta leis an gcúnamh ón Stát agus leis an teacht isteach a bheidh acu féin ó fhoinsí éagsúla.
Tá áthas orm a rá go raibh méadú eile anuraidh ar líon na n-iarratas tithíochta agus is cosúil go leanfaidh an méadú sin i mbliana. Bhí méadú chomh maith ar líon na gcásanna a ceadaíodh anuraidh. Caitheadh £1.1 mhilliún i 1991 ar dheontais tithíochta agus críochnaíodh beagnach céad teach nua i rith na bliana sin. Críochnaíodh 580 cás eile a bhain le hoibreachta feabhsúcháin, sláintíochta agus méadaithe.
Tá sé soiléir ó na hiarratais go bhfuil obair bhreise tithíochta ar siúl sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas. Níl aon amhras ach gur tuar dóchais é seo don Ghaeltacht. Tá leas na Gaeilge féin i gceist, ar ndóigh, ach, chomh maith leis sin, tá breis fostaíochta i gcúrsaí tógála á chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta féin.
Suim de £1.1 mhilliún atá curtha ar fáil arís i mbliana do chúrsaí tithíochta agus is cinnte go gcaithfear an t-airgead sin go léir sa bhliain reatha.
Gné shuntasach de stráitéis mo Roinnse thar na mblianta chun an Ghaeltacht a fhorbairt ná na deontais a chuirtear ar fáil chun bunstruchtúr na Gaeltachta a fheabhsú. Cuirtear cúnamh ar fáil chun bóithre áise agus portaigh a dheisiú, saoráidí calaíochta a fheabhsú agus — gné an-tábhachtach ar fad sa lá atá inniu ann — áiseanna spóirt agus chaitheamh aimsire a chur ar fáil.
Glacann na comharchumainn Ghaeltachta páirt lárnach i bhforbairt a gceantar feidhme. Tugtar cúnamh dóibh, ní amháin i ndáil le tograí caipitil cosúil le hinnealra agus trealamh a cheannach chun cabhrú leo seirbhísí a chur ar fáil don phobal, ach freisin chun cuid de na costais reachtála a thiteann orthu a ghlanadh.
Tá cúnamh á chur ar fáil do mhuiroibreacha i gceantair éagsúla agus táim ag feitheamh ar thorthaí ó Roinn na Mara ar scrúdú agus iniúchadh atá á ndéanamh acu ar Oileán Thoraí ionas go bhféadfainn an cheist a mheas tuilleadh maidir leis na hoibreacha mara atá de dhíth ar an oileán. Cúis dhíomá dom nach bhfuil an réamh-obair seo críochnaithe fós.
Thosaigh Roinn na Mara fiosrúcháin i mbliana chun na riachtanais ó thaobh muiroibreacha de don tseirbhís farantóireachta go hInis Meáin agus Inis Oírr a aithint agus chun pleananna dóibh a réiteach. Meastar go gcosnóidh na scrúduithe uile seo £325,000 a íocfar as vóta mo Roinne-se.
Faoi mar is eol do Theachtaí, baineann cuid mhór d'obair mo Roinne-se le caomhnú agus forbairt na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Chuige sin cuirtear cúnamh ar fáil do Bhord na Gaeilge, do Bhord na Leabhar Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge.
Tá obair fhiúntach ar siúl ag Bord na Gaeilge ó bunaíodh é ar bhonn reachtúil sa bhliain 1978. Tugann an Bord cúnamh do roinnt eagraíochtaí a bhfuil páirt shuntasach á nglacadh acu i bhforbairt na Gaeilge trína n-obair sa réimse oideachasúil — mar shampla, Gaelscoileanna, An Comhchoiste Réamhscolaíochta agus Comhar na Múinteoiri Gaeilge. Is é Bord na Gaeilge a chuireann an cúnamh Stáit ar fáil do chomórtas Ghlór na nGael — comórtas, ar ndóigh, atá ag dul i dtreise ó bhliain go bliain agus atá ag múscailt suime sa teanga i gceantair éagsúla ar fud na tíre.
Táimid go léir, ar spéis linn an Ghaeilge, faoi chomaoin mhór ag na daoine sin a chaith a gcuid dúthrachta go deonach thar na mblianta ar son na teanga. Aithníonn mo Roinnse an tábhacht a bhaineann leis na hiarrachtaí seo agus, dá bharr sin, cuirtear cúnamh nach beag ar fáil gach bliain do na heagrais dheonacha Ghaeilge. Cé go bhfuil formhór na n-eagras seo ar an saol le fada, agus cúnamh á fháil acu leis na blianta, tá sé tábhachtach go ndéanfadh siad uile scrúdú leanúnach ar a modhanna oibre i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge de. Tá gá leis seo chun a chinntiú go bhfuil siad ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir agus go bhfuil an Stát ag fáil luach a chuid airgid as an gcúnamh nach beag atá á chur ar fáil aige dóibh. Níor mhaith liom go gceapfadh aon eagras go bhfuil sé de cheart aige deontas a fháil gan é a thuilleamh. Féadfar talamh slán a dhéanamh de go leanfar leis na deontais seo fad agus atá obair fhiúntach ar siúl ach tá dualgas ormsa an t-airgead a chuirtear ar fáil dom a chaitheamh ar an gcaoi is fiúntaí chun cuspóirí mo Roinne-se — forbairt na Gaeltachta agus leathadh na Gaeilge — a bhaint amach, agus bheadh ag teip orm an dualgas sin a chomhlíonadh mura ndéanfainn scrúdú críonna leanúnach ar chaiteachas. Faoi mar is eol don Teach, tá scrúdú mar sin idir lámha agam le cúpla mí anuas.
Tagann an t-airgead do Chiste na Gaeilge ó fháltais an chrannchuir náisiúnta agus, anuas ar an soláthar do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha, tá a lán tograí fiúntacha ar mhaithe leis an nGaeilge á gcur i gcrích ar fud na tíre le cabhair airgid an chrannchuir. Mar shampla, tá an obair i ndáil le hÁras nua don Ghaeilge a thógáil i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh faoi lánseol agus atá £1.2 mhilliún á chur ar fáil ag mo Roinnse ina leith.
Aithním go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh teacht ar ábhar spéisiúil scríofa i nGaeilge agus, dá bharr sin, cuirtear cúnamh nach beag ar fáil do thréimhseacháin éagsúla agus don nuachtán seachtainiúil Anois. Caithfidh mé a rá gur cúis mhór dhíomá dom nach bhfuil éileamh i bhfad níos mó ar Anois. Tá deontas fial seachtainiúil á fháil ag an nuachtán — deontas nach bhfuil ar ár gcumas a mhéadú — agus braitheann todhchaí an nuachtáin mar sin ar chumas an fhoilsitheora an leibhéal díolacháin a mhéadú go suntasach ionas go mbeidh Anois ag trádáil gan caillteanais. Tá conradh nua sínithe agam le húinéirí Anois a mhairfidh go dtí deireadh na bliana seo agus molaim arís go dtabharfadh gach duine, ar spéis leis nó léi an Ghaeilge, tacaíocht leanúnach do Anois trína cheannach gach seachtain.
Is áthas liom a rá go raibh méadú mór eile ar líon na bhfoghlaimeoirí a chuaigh go dtí an Ghaeltacht an bhliain seo caite chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus tá áthas orm a rá go bhfuil na comharthaí ann cheana féin go mbeidh an líon céanna nó níos mó ag freastal ar chúrsaí Gaeilge i mbliana.
Fiche míle agus sé chéad dalta a bhain tairbhe as an scéim anuraidh agus d'íoc mo Roinnse beagnach milliún go leith punt le mná tí Gaeltachta faoin scéim. De bharr an méadú mór a tháinig ar líon na bhfoghlaimeoirí agus de bhrí go bhfuil an scéim chomh tábhachtach sin ó thaobh na Gaeilge de, cuireadh £150,000 breise ar fáil sa cháinfhaisnéis i mbliana don scéim. Is chun íoc as an líon daltaí a meastar a bheidh ag freastal ar na cúrsaí i mbliana a cuireadh an t-airgead breise ar fáil.
In ainneoin na drochphoiblíochta a bhíonn an ó am go chéile faoi thábhacht na Gaeilge mar theanga beo, is ábhar misnigh dúinn an t-éileamh mór atá ann le Gaeilge a fhoghlaim agus níl slí níos fearr chun é sin a dhéanamh ná freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht féin.
Is í scéim dheontas labhairt na Gaeilge ceann de na scéimeanna is tábhachtaí atá ag an Roinn chun an Ghaeilge a choimeád beo sa Ghaeltacht. Tá dlúthcheangal idir í agus an glúin is óige sa Ghaeltacht agus is orthu siúd a bheidh slánú na Gaeltachta ag brath sna blianta atá amach romhainn. Níl aon laghdú gur fiú trácht air tagtha ar líon na bpáistí a thuill an deontas seo le cúpla bliain anuas. Tá an scéim seo an-tábhachtach sa mhéid gur slat tomhais í ar staid na Gaeilge i dteach nó i gceantar Gaeltachta ar bith. Sa ghnáthbhealach, ní íoctar deontas tithíochta ná deontas faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlach ar bith mura bhfuil deontas labhairt na Gaeilge faighte ag na páistí sa teach sin roimhré. Tá athbhreithniú á dhéanamh agam ar an scéim faoi láthair d'fhonn béim níos mó a chur ar úsáid na Gaeilge sa teaghlach fhéin.
Níl aon amhras ach go bhfuil tionchar mór ag an teilifís ar shaol an lae inniu agus d'fhéadfaí an tionchar sin a úsáid ar mhaithe leis an nGaeilge trí cláracha fiúntacha i nGaeilge a chraoladh go rialta. Is cinnte go bhfuil cúrsaí teilifíse thar a bheith costasach agus go mbeidh costais mhóra i gceist cuma conas a thabharfar faoi líon na gcláracha trí Ghaeilge a fhorbairt. Is áthas liom go bhfuil na féidireachtaí go léir, na costais a bhainfeadh leo agus an tionchar ar an nGaeilge a bheadh ag roghanna éagsúla, á scrudú faoi láthair ag mo chomhghleacaí an tAire Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide. Táthar ag súil le réamh-mholtaí i gceann roinnt míonna agus cuirfear moltaí deimhnitheacha maidir le Teilifís trí Ghaeilge os comhair an Rialtais a luaithe is féidir.
Mar gheall ar Gaeilge sna scoileanna cuirim fáilte ar leith roimh na moltaí faoin nGaeilge a bhí sa réamhrá don Pháipéar Glas faoin Oideachas a foilsíodh an mhí seo caite. Tá sé thar am an bhéim a chur ar chumas labhartha na ndaltaí agus is céim mhór chun tosaigh go bhfuil sé molta anois ag an Aire Oideachais go dtabharfaí 60 faoin gcéad de na marcanna i scrúduithe na dTeastas feasta i leith chumais labhartha agus thuisceana i gcomparáid leis an 25 faoin gcéad atá ann faoi láthair.
Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá maidir leis an gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge. Mar is eol don Teach, bunaíodh an comhchoiste don chéad uair sa bhliain 1984 agus bhí sé ceaptha dó ach go háirithe moltaí a dhéanamh faoi leathadh na Gaeilge in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht na dTithe i gcoitinne. Tá a lán moltaí déanta ag an gcomhchoiste agus, de bharr a chuid oibre, tá Seomra na Gaeilge bunaithe anseo anois ina bhfuil áiseanna teagaisc nua-aimseartha chun cabhrú le Teachtaí agus Seanadóirí feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Is trua liom, áfach, nach bhfuil úsáid mhór á baint as an seomra sin. Má tá an pobal le gríosadh chun an Ghaeilge a úsáid, tá sé riachtanach go bhfaigheadh siad dea-shampla ó ionadaithe poiblí. Molaim do Theachtaí iarracht ar leith a dhéanamh agus roinnt Gaeilge a labhairt sa Dáil: leis an gcóras aistriúcháin comhuaineach atá againn ní gá a bhfuil ráite i nGaeilge a athrá arís i mBéarla.
Tá Cathaoirleach nua ceaptha le déanaí ar an gcomhchoiste — An Teachta Micheál Ó Máirtín — agus tá mé cinnte go gcuirfidh sé dlús le hobair fhiúntach an chomhchoiste.
Is dóigh liom go bhfuil léargas réasúnta maith tugtha agam ar an obair atá ar siúl i mbliana ag mo Roinnse agus ag eagraíochtaí éagsúla atá faoina scáth. Leis an soláthar airgid nach beag atá curtha ar fáil ag an Rialtas don Roinn le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, táim sásta go ndéanfar dul chun cinn suntasach i rith na bliana seo.
Ba mhaith liom a rá ag an bpointe seo go bhfuil mé faoi chomaoin mhór ag an Aire Stáit, An Teachta Pat the Cope Gallagher, as ucht an méid oibre atá á dhéanamh aige i Roinn na Gaeltachta.
Molaim Meastachán Roinn na Gaeltachta do 1992 don Teach.