Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 25 Jun 1992

Vol. 421 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláistí Samhraidh Gaeilge.

12. D'fhriafraigh

den Aire Oideachais cad é uimhir na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa tír faoi láthair; cad é líon na ndaltaí a d'fhreastail ar chúrsaí sna coláistí le linn 1991; cad é méid iomlán an deontais a íoctar ina leith; agus an bhfuil ardú air do 1992.

Tá 65 coláiste samhraidh Gaeilge aitheanta i mbliana le haghaidh dheontais do chúrsaí Gaeilge faoi na rialacháin atá leagtha síos ag mo Roinnse. D'fhreastail 22,619 dalta ar chúr- saí sna coláistí samhraidh Gaeilge i 1991.

Iocann mo Roinnse deontas caipit- íochta de réir scála bunaithe ar thinreamh na ndaltaí agus aicme an chúrsa; is é £23.50 uasmhéid an deontais i leith chúr- saí d'aicme A, agus £21.50 an t-uasmhéid i leith chúrsaí d'aicme B agus aicme C. Tá an ráta deontais do 1992 ar aon dul leis an ráta do 1991.

Os rud é nach bhfuil an Teachta McGinley i láthair ba mhaith liom a fhiafraí den Aire an aithníonn sé go ndéanann na coláistí samhraidh seo an-obair ar fad ó thaobh fíor-ghrá don Ghaeilge a chothú agus ó thaobh líofacht Gaeilge a thabhairt don ghnáth mhac- léinn nach bhfaigheann seans í a labhairt. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire níos mó cabhair dheimhin a thabhairt do na coláistí seo sa Pháipéar Glas a fhoilseofar inniu i dtreo is go mbeidh siad in ann an dea-obair a leanúint?

Déanann na coláistí seo sár-obair. Tá siad an-mhaith. Tá moltaí tábhachtacha agam sa Pháipear Glas chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é atá tábhachtach anseo ná an caighdeán sna coláistí samhraidh. Tá sliocht sa Pháipéar Glas go háirithe mar gheall ar an obair seo.

Creidim go bhfuil níos mó béime sa Pháipéar Glas ar an teanga mar mheán labhartha. Os rud é go bhfuil sé molta sa Pháipéar Glas go mbeadh ar a laghad 60 faoin gcéad de na marcanna ag dul don bhéal-scrúdú nach n-aon- taíonn an tAire ag an am céanna go mba cheart dúinn níos mó a dhéanamh chun tuilleadh coláistí samhraidh a bhunú ar fud na Gaeltachta.

Ba cheart níos mó coláistí a bhunú ach caithfidh mé a bheith sásta go bhfuil an caighdeán iontu agus go bhfuil an t-éileamh ann. Tá moltaí speisialta sa Pháipear Glas chun níos mó béime a chur ar labhairt na Gaeilge.

Barr
Roinn