Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 10 Feb 1993

Vol. 425 No. 7

Written Answers. - Departmental Appointments.

Bernard J. Durkan

Ceist:

426 Mr. Durkan asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the number and names of persons other than those in the permanent Civil Service, who have been appointed to positions in his Department or other agencies within the ambit of his Department, including Offices of Ministers of State, since the formation of the Government; if he will give details in each case of their job description and conditions of employment, terms of employment, their rank and salary or allowances; and if he will make a statement on the matter.

Tá socruithe á ndéanamh agam faoi láthair chun Kevin O'Driscoll a cheapadh mar Reachtaire an Chláir Pháirtíochta i mo Roinnse, Colm Ó Briain a cheapadh mar Chomhairleoir Speisialta dom agus Eileen Hayes a cheapadh mar Chúntóir Pearsanta dom. Cé go bhfuil na daoine sin ag gníomhú dom faoi láthair, níl ar mo chumas na sonraí eile a iarradh sa Cheist a thabhairt go dtí go mbeidh na socruithe thuasluaite déanta.

Maidir le hOifig m' Aire Stáit, tá socrú déanta go leanfaidh Aidín Uí Ghiolláin mar chúntóir pearsanta dó ag luach saothair £13,299 sa bhliain agus go leanfaidh Gearóid Ó Cuinn agus Donncha Ó Muirí mar thiománaithe shiabhialta ag luach saothair £12,555 an duine sa bhliain. Cuirfear deireadh leis an ceapacháin sin tráth nach déanaí ná an dáta a scoirfidh an tAire Stáit de bheith i seilbh oifige.
Leanfar go ceann tamaill eile leis an socrú faoina raibh Pádraig Ó Ciardha ar iasacht ó RTÉ chun comhairle a chur ar fáil faoi chúrsaí chraolacháin i nGaeilge.
Barr
Roinn