: Tairgim:
"Go léifear an Bille an Dara Uair".
Is mór an onóir domsa an deis seo a bheith agam an Bille seo a chur faoi bhráid na Dála. Is mó mo riméad é gur Bille é a bhaineann leis an nGaeltacht agus gur i nGaelige atá mo chéad óráid sa Teach seo mar Aire. Tá ráite agam go poiblí gur cuid lárnach de shaol agus de chultúr na tíre seo í an Ghaeilge agus tá súil agam go nglacfar go fonnmhar leis an deis seo chun an Bille a chíoradh trí mheán na teanga sin. Beidh fáilte agam roimh díospóireachtraí eile i nGaelilge amach anseo mar creidim ní amháin go bhfuil an Ghaeilge lárnach do shaol na hÉireann ach gur cheart í a bheith le cloisteáil chomh minic agus is féidir sa Teach seo agus sa Seanad.
Tá dhá aidhm leis an mBille gairid seo. Is í an chéad aidhm foráil a dhéanamh le gur féidir caipiteal a chur ar fáil feasta d'Údarás na Gaeltachta, le haghaidh scaireanna a ghlacadh i gcuideachtaí agus le haghaidh caiteachais a thabhú ar mhonarchana nó eile, mar dheontas-i-gcabhair trí Vóta mo Roinne seachas mar airleacain ón bPríomh-Chiste. Roimhe seo bhíodh caipiteal ón Stát á chur ar fáil don Údarás agus do Ghaeltarra Éireann ar dhá bhealach: ó Vóta na Roinne mar dheontais-i-gcabhair chun deontais a íoc; agus mar airleacain inaisíoctha ón bPríomh-Chiste chun a chumasú don Údarás scaireanna a ghlacadh i gcuid-eachtaí agus caiteachas a thabhú ar mhonarchana nó eile. Nuair a rithfear an Bille seo, is trí Vóta mo Roinne amháin a chuirfear an soláthar caipitil in iomlán ón Stát ar fáil don Údarás agus beidh an tÚdarás ar an mbonn céanna leis an Údarás Forbartha Tionscail maidir le cúnamh Stát d'fhorbairt tionscail.
Ó bunaíodh an tÚdarás ar I Eanáir 1980, tá suim £77.182 mhilliún airleactha dó ón bPríomh-Chiste suas go dtí deireadh na bliana seo caite. Chomh maith leis sin, bhí suim £41.791 mhilliún airleactha do Ghaeltarra Éireann ó Aibreán 1965 go dtí 31 Nollaig 1979. Faoi alt 23 (2) (c) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, níl an tsuim iomlán sin, i.e., £118.973 mhilliún inaisíoctha ná níl ús iníoctha ar an gcéanna go dtí dáta a chinn-fidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh le Aire na Gaeltachta (An tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta anois). Tá sé soiléir le fada nach mbeadh ar chumas an Údaráis na hairleacain sin a aisíoc in iomlán riamh. Is í an dara aidhm leis an mBille seo, mar sin, foráil a dhéanamh nach mbeidh an tsuim sin inaisíoctha ná nach mbeidh ús iníoctha air.
Luaigh mé roimhe seo go raibh sé soiléir nach mbeadh ar chumas an Údaráis na hairleacain a aisíoc in iomlán agus míneoidh mé cén fáth anois. Léiríonn Cuntais fhoilsithe an Údaráis don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 1991 gurbh é glan-luach monarchana, foirgneamh agus áiseanna eile, agus sócmhainní dochta eile an heagraíochta ar 31 Nollaig 1991 ná £59.013 mhilliún. Léiríonn na Cuntais chéanna gurb é glan-luach (tar éis soláthar i gcomhair athluacháil a dhéanamh) infheistíochtaí an Údaráis i gcuideachtaí ag 31 Nollaig 1991 ná £9.047 milliún. Chomh maith leis sin, bhí féichiúnaithe iarchurtha de £1.68 mhilliún ag an Údarás. Tagann na suimeanna sin ar fad go dtí £69.745 mhilliún. Go dtí 31 Nollaig 1991, tugadh airleacain dar luach £113,473 mhilliún don Údarás. Mar sin tá easnamh de £43.728 milliún sa chuntas. Déantar suas an £43.728 milliún sin mar seo a leanas:
£milliúm |
|
Dímheas ar shócmhainní dochta |
12.183 |
Infheistíochtaí díscríofa móide dochar/sochar ar shócmhainní a dhíol |
24.590 |
Caillteanais na seanrannóga trádála a bhí ag feidhmiú faoi Ghaeltarra Éireann |
7.570 |
Fuílleach ar chúltaca aoisliúntais ag 31 Nollaig 1979. |
(0.615) |
£43.728 |
Níl figiúirí iniúchtha do 31 Nollaig 1992 ar fáill go fóill ach meastar gur easnamh de £44.326 mhilliún a bheidh ann ar an dáta sin.
Ag féachaint do na figiúrí atá tugtha agam d'airleacain ón Stát don Údaras i gcomparáid le glan-luach na maoine agus na n-infheistíochtaí anois, is leir go raibh agus go bhfuil forbairt tionscail sa Ghaeltacht costasach. Ar an taobh eile den scéal, áfach, ní mór a chur san áireamh go bhfuil breis agus 5,600 post lánaimseartha agus beagnach 2,000 post séasúr-ach i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis. Chomh maith leis sin, tá oiliúint thionsclaíoch tugtha do líon mór oibrithe agus, ainneoin iargúltacht agus laigeachtaí bhunstruchtúir na limistéar sin tá bonn maith tionsclaíoch bunaithe sa Ghaeltacht anois. Trí is tríd, táim sásta gurbh fhiú an caiteachas ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus caomhnú na Gaeilge.
Maidir le Cuntais an Údaráis, beidh athruithe le déanamh ar an leagan amach nuair a bheidh feidhm leis an reacht-aíocht is ábhar don Bhille seo. Is ceist í sin a bheidh le socrú tar éis plé idir an Údarás, mé féin mar Aire, an Aire Airgeadais agus an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Bliain deacair a bhí ann anuraidh maidir le fostaíocht a chruthú agus a chaomhnú sa Ghaeltacht. Cruthaíodh 975 phost nua lánaimseartha ar an bhfód i 1992 i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás agus, tar éis caillteanais de 920 post a chur san áireamh, bhí méadú glan de 55 phost sa bhliain sin. Ba í 1992 an t-aonú bliain déag i ndiaidh a chéile ina raibh glanmhéadú san fhostaíocht i dtionscail faoi scáth an Údaráis. Ag deireadh 1992, bhí 5,652 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis i gcomparáid le 5,597 nduine ag deireadh 1991.
Chomh maith leis sin, tá acmhainn de 1,440 post nua i dtograí ar cheadaigh an tÚdarás cúnamh ina leith anuraidh. Meastar go bhfuil móriomlán infheist-íochta de £48 milliún i gceist sna tograí sin agus beidh a shochar sin le haithint ar an bhfód sa Ghaeltacht i rith na mblianta atá romhainn.
Tá fostaíocht shéasúrach an-tábhachtach don Ghaeltacht agus tháinig méadú de 320 ar líon na bpost sin sa Ghaeltacht le linn 1922 ó 2,260 duine i 1991 go dtí 2,580 duine i 1992. Chomh maith leis an bhfostaíocht shéasúrach/ pháirtaimseartha sin, bhí 77 Scéim Fhost-aíochta Shóisialta a raibh luach £1.4 mhilliún ag gabháil leo agus 635 dhuine fostaithe orthu á riaradh ag an Údarás i 1992 i gcomhar le FÁS agus coistí Gaeltachta.
Maidir leis an 920 post a cailleadh i rith na bliana seo caite, tuigtear ón Údarás gur athchruthaíodh timpeall 300 díobh trí thograí nua a bunaíodh ar shócmhainní na gcomhlachtaí ar theip orthu. Bhain formhór na gcaillteanas eile le laghduithe ar a bhfoirne oibre a b'éigean do chomh-lachtaí a chur i bhfeidhm de bharr deacrachtaí trádála i margaí éagsúla. Is fadhb mhór í líon na bpost a chailltear sa Ghaeltacht gach bliain, a chealaíonn beagnach iomlán na bpost a chruthaítear go bliantúil. Tá sé ráite go soiléir sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta go mbeidh an tÚdarás ag cur lena n-iarrach-taí, ní amháin chun fostaíocht bhreise a chruthú ach freisin chun an fhostaíocht atá ann a chaomhnú. Is cinnte go gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar na critéir a úsáideann an tÚdarás i dtaca le cúnamh a cheadú do thograí agus iarracht a dhéanamh chun na laigeachtaí a thagann chun cinn i gcomhlachtaí beaga maidir le bainistíocht, margaíocht agus teicneolaíocht a mhaolú.
Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ag an Údarás maidir leis an meánchostas deontais in aghaidh an phoist a laghdú. Anuraidh ba é an meánchostas ná £9,130 i gcomparáid le £9,800 i 1991 agus £11,470 i 1990. Tá an laghdú seo ag teacht le cinneadh polasaí a glacadh cúpla bliain siar maidir le meánrátaí deontais a laghdú agus sciar níos airde den infheistíocht a lorg ó na hinfheisteoirí féin.
Ní féidir liom figiúrí cinnte a lua inniu maidir leis an soláthar airgid a bheidh ar fáil ag an Údarás ón Stát i mbliana — foilseofar iad sin i Leabhar na Meastachán go hanluath — ach tig liom a rá go mbeidh méadú suntasach i gceist i gcomparáid le soláthar na bliana seo caite.
Tá béim leagtha agam inniu ar aidhmeanna an Bhille seo agus tá léargas gairid tugtha agam ar an dul chun cinn a rinne an tÚdarás le linn 1992. Beidh deis agam ráiteas níos iomláine faoin nGaeilge a thabhairt don Teach nuair a bheidh Meastachán mo Roinne á phlé anseo níos déanaí.
Molaim don Dáil glacadh leis an mBille seo.