Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 25 Feb 1993

Vol. 426 No. 7

Written Answers. - Recreational Facilities.

Pádraic McCormack

Ceist:

234 Mr. McCormack asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if there is a scheme available to improve recreational facilities in primary and post-primary Gaeltacht schools; if so, the amount of resources allocated under that scheme during 1992; the location where the money has been allocated; and the amount of grant in each instance.

Níl aon scéim shonrach ag mo Roinnse faoi mar atá i gceist ag an Teachta. Nuair a aithnítear, áfach, go bhfuil gá le háiseanna áirithe chaithimh aimsire ag scoileanna Ghaeltachta agus nuair is léir go rachaidh na háiseanna sin chun tairbhe ní amháin do na scoileanna ach don phobal Gaeltachta áitiúil, bíonn mo Roinnse sásta iarratais ar chúnamh mar sin a mheas ar an tuiscint shoiléir nach bhfuil cúnamh ar fáil ón Roinn Oideachais don togra céanna.

Ar an mbonn sin ceadaíodh na deontais seo a leanas i 1992:

Scoil

Áiseanna

Deontas

Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Páirc Imeartha

£10,000

Scoil na mBráithre, An Daingean

Trealamh Gleacaíochta

£4,500

Iomlán

£14,500

Ní miste a lua nach bhfuil ach soláthar airgid an-teoranta ar fáil le freastal ar iarratais den chineál sin.
Barr
Roinn