Tuigimse agus tuigeann Údarás na Gaeltachta go maith an dochar atá á dhéanamh don phobal ag an dífhostaíocht in iar-Dheisceart Dhún na nGall. Is ábhar díomá dúinn uile go bhfuil tionscal beag sníomhacháin ar tí imeacht as gnó i gceantar Ard an Rátha. Tá infheisteoirí nua á lorg don ghnó sin ag an Údarás ach tá sé ró-luath fós a rá an mbeidh toradh dearfach ar an iarracht sin.
Maidir leis na limistéir Ghaeltachta i gceantar na nGleannta, tuigtear ón Udarás nár tharla aon chaillteanas mór fostaíochta le déanaí i dtionscnaimh faoina scáth sna limistéir sin.
I dtaca le Baile na Finne, dírim aird an Teachta ar an ráiteas a thug mé sa Dáil ar 23 Feabhra 1993 maidir leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar siúl ag an Údarás d'fhonn fostaíocht bhreise a chruthú sa cheantar sin.