Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Mar 1993

Vol. 427 No. 6

Written Answers. - Cumhachtaí Údarás na Gaeltachta.

19. D'fiafraigh

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhféadfadh sé a mhíniú an mbeadh aon chumhachtaí nó cúraimí ag na Boird Pháirtíochta Fiontraíochta Contae a thiocfadh salach ar chumhachtaí agus cúraimí Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gceist.

Donegal South-West): Tá mé sásta nach dtiocfaidh obair na mBord Pháirtíochta Fiontraíochta Contae salach ar obair Údarás na Gaeltachta. Leanfaidh an tÚdarás leis an obair atá ar siúl aige ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus deiseanna fostaíochta a chuir ar fáil dá muintir inti. Ar ndóigh, beidh nasc áitiúil idir na Boird agus an Údarás sna contaetha ina bhfuil limistéir Ghaeltachta. Táim cinnte gur féidir tríd an nasc sin aon cheisteanna faoi chúrsaí forbartha a bheadh ina chnámh spairne a réiteach.

Ar aon bhealach, beidh ról maoirseachta agam féin agus ag an Aire Fiontar agus Fostaíochta sa ghnó seo ar mhaithe le forbairt éifeachtach.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug an tAire Fiontair agus Fostaíochta ar an 18 Feabhra ar Cheisteanna Dála (Uimh. 9, 16, 25, 47, 51 agus 71).

Barr
Roinn