Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Mar 1993

Vol. 427 No. 6

Written Answers. - Daonra agus Labhairt na Gaeilge sna Gaeltachtaí.

Desmond J. O'Malley

Ceist:

21 D'fhiafraigh Mr. O'Malley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé an t-eolas seo a leanas ar fáil i dtaobh na nGaeltachtaí: líon na ndaoine atá ina gcónaí iontu; líon iomlán na dteaghlach atá ina gcónaí iontu; líon na dteaghlach lán-Ghaelach iontu; líon na ndaltaí scoile atá ag freastal ar bhunscoil iontu; líon na ndaltaí bunscoile atá ag fáil deontas na Gaeilge; méid an deontais sin; cén bhliain inar socraíodh an méid sin agus cé mhéad a bheadh ann anois dá mba rud é go raibh sé inneacs-nasctha.

Mary Coughlan

Ceist:

263 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ndéanfadh sé machnamh ar an deontas do pháistí scoile na Gaeltachta a mhéadú ós rud é gurb é seo cuimhneachán céad bliain bhunú Chonradh na Gaeilge; agus an gcuirfeadh sé a thuairimí in iúl i ráiteas sa Dáil.

Donegal South-West): Tógfaidh mé Ceist 21 agus Ceist Scríofa 263 le chéile.

Tá an t-eolas staitisticiúil a iarradh faoi dhaonra na Gaeltachta agus mar sin de faighte ag mo Roinnse ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus tá sé leagtha amach i dtábla a chuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.
Maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge, d'íoc mo Roinnse deontas i leith 3,869 dalta bunscoile sa Ghaeltacht don scoilbhliain 1991/92. Deontas £10 atá ann ó 1965. Dá mbeadh £10 i 1965 innéacs-nasctha, tuigtear gur £107.28 a bheadh ann anois.
Tá athbhreithniú déanta ag mo Roinnse ar Scéim Labhairt na Gaeilge agus tá sé i gceist agam scéim nua a thabhairt isteach ó thús na scoilbhliana 1993/94. Beidh an scéim nua dírithe ar theaghlaigh seachas ar dhaltaí aonaracha, faoi mar a bhí go dtí seo. Fógrófar an scéim nua nuair a bheidh na sonraí socraithe.
TÁBLA*

Líon daoine sa Ghaeltacht

78,987

Líon teaghlach sa Ghaeltacht

23,513

Líon teaghlach lán-Ghaelach sa Ghaeltacht**

19,267

Líon na ndaltaí bunscoile sa Ghaeltacht***

9,785

* Baineann na figiúirí seo le torthaí an Daonáirimh 1986 (níl an t-eolas do 1991 foilsithe go fóill) ach amháin i gcás na ndaltaí scoile, áit a bhaineann an figiúr le scoilbhliain 1992/93.
** Bunaithe ar cheist sa Daonáireamh maidir le cumas labhartha na Gaeilge.
*** Scoileanna ina múintear na hábhair trí Ghaeilge atá i gceist.
Barr
Roinn