Is é polasaí na Roinne ná cóiriocht shásúil bhuan a chur ar fáil do Scoileanna lán-Ghaeilge chomh luath agus is féidir ach braitheann an dul chun cinn gur féidir a dhéanamh ar an méid airgid atá ar fáil sna meastacháin tógála bliantúla, an líon oibre atá le déanamh gach bliain agus an líon scoileanna a bhunaítear gach bliain. Mar is eol don Teachta, tugtar deontas 100 faoin gcéad do scoileanna lán-Ghaeilge i leith suímh agus foirgnimh, rud nach ndeintear i gcás scoileanna náisiúnta eile.
I scoileanna lán-Ghaeilge, bunaítear an fhoireann teagaisc ar sceideal níos fábharaí ná mar a bhíonn i gceist i scoileanna eile agus, ina theannta san, íoctar deontas caipitíochta níos mó leo.