Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 May 1993

Vol. 430 No. 2

Written Answers. - Scoileanna Eaglais na hÉireann.

Trevor Sargent

Ceist:

302 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais an bhfuil cead ag scoileanna faoi bhainistíocht Eaglais na hÉireann áiteanna a choimeád do pháistí de chreideamh Eaglais na hÉireann, ag déanamh tagairt faoi leith do na sonraí eolais atá faoi iamh.

Is ceist don Bhord Bainistíochta sa chéad áit é páiste a ghlacadh in aon scoil ar leith agus déantar an cinneadh i láthair líon iomlán na n-áiteanna sa scoil.

Tá formhór na scoileanna náisiúnta faoi scáth sainchreidheamh ar leith. Tugann an Roinn aitheantas do scoileanna náisiúnta agus déantar soláthár do bhunú scoileanna áit a mbíonn dóthain páistí de shainchreideamh ar leith chun bunú agus buanú a leithéid de scoil a urrú.

Barr
Roinn