Dinny McGinley
Ceist:95 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil iarratas ar mhéadú breise do Phobalscoil Ghaoth Dobhair faighte ina Roinn; cén uair ar frítheadh an t-iarratas; cad iad na háiseanna breise a chuirfear ar fáil agus an dtabharfaidh an tAire cead tosú ar an obair láithreach de bharr gearchéim easnamh áiseanna sa scoil faoi láthair.