Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Jun 1993

Vol. 431 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Feabhsucháin Gaeltachta.

6. D'fhiafraígh

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige scrúdú a dhéanamh ar Scéimeanna Feabhsúcháin Gaeltachta faoi fhotheideal F, maidir lena n-éifeacht i gcoitinne agus na coinníollacha faoina gceadaítear iad; nó an bhfuil sé sásta go hiomlán leo faoi mar atáid.

, Donegal South-West): Faoi mar atá léirithe i Leabhar na Meastacháin, tá soláthar de £2.96 milliún ar fáil i mbliana chun freastal ar na scéimeanna sin. Sin méadú de 80 faoin gcéad ar an tsuim a caitheadh ar na scéimeanna sin anuraidh.

Tríd is tríd, táim sásta go bhfuil antairbhe á baint ag an Ghaeltacht as na scéimeanna feabhsúcháin atá á reachtáil ag mo Roinnse ach tá scrudú leanúnach ar siúl againn féachaint an féidir na scéimeanna a dhéanamh níos éifeachtaí.

Is iad na scéimeanna a thagann faoi na ceannteidil seo ná bóithre áise, uisce, séarachais, oibreacha mara, comharchumainn, hallaí pobail agus coláistaí Gaeilge. Ceann de na scéimeanna a chothaíonn caint sna Gaeltachtaí ná scéim na mbóithre áise. An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl go beacht cad iad na riachtanais cháiliúcháin do dheontais do bhóithre mar sin?

(Donegal South-West): Baineann an cheist seo leis an chéad cheist eile agus, munar miste leis an Teachta, tógfaidh mé le chéile iad. Faoi mar a cuireadh in iúl don Teachta cheana maidir le scéim na mbóithre aise, is gnách go mbíonn bóthar ag freastal ar dhá theach cónaithe ar a laghad, nó ar dheich líon tí i gcás bhóthar portaigh nó talún chun deontas a thuilleamh. Bíonn ar iarratasóirí foirm iarratais a líonadh nuair a bhíonn cuidiú á lorg faoin scéim seo. Cuirtear na foirmeacha ansin chuig an chomhairle contae chun meastachán a fháil. Nuair a bhíonn sé sin uilig déanta, agus na foirmeacha ar ais againn, déantar cinneadh.

An cheist dheireanach.

An féidir leis an Aire Stáit a dhearbhú, má cháilíonn iarratais de réir na rialacha, go gceadófar deontas don iarratasóir?

(Donegal South-West): Is é freagra na ceiste sin ná nach féidir é sin a dhéanamh os rud é go bhfuil an soláthar a bhíonn againn gach bliain teoranta agus cé go gcomhlíonann daoine na coinníollacha ní hionann sin agus a rá go gceadófar iad.

Barr
Roinn