Dinny McGinley
Ceist:112 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ó Údarás na Gaeltachta le haghaidh uisceadán éisc i nDaingean Uí Chúise i gContae Chiarraí; cén dáta ar frítheadh é; an bhfuil sé scrúdaithe; agus an bhfuil cead á thabhairt dul ar aghaidh leis an togra.