Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Jul 1993

Vol. 433 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Atarraingt ar Theorainn na Gaeltachta.

Peadar Clohessy

Ceist:

13 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an inseoidh sé an bhfuil sé ar intinn aige teorainn na Gaeltachta a atarraingt roimh an gcéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta.

(Donegal South-West): Is ar éigean go mbeidh athbhreithniú déanta ar an ábhar sin roimh an gcéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta.

Cad a chiallaíonn na teorainn atá ann faoi láthair?

(Donegal South-West): Sé an chiall atá leo ná limistéir atá taobh istigh den Ghaeltachta atá, de réir Ordú na Limistéirí Gaeltachta, 1956, agus in a dhiaidh sin 1967, in a dhiaidh sin 1974 agus in a dhiaidh sin 1982. Is féidir, de réir Alt 2, fo-Alt 2 faoi Acht Airí agus Runaithe (Leasaithe), 1956, leis an Rialtas, ó am go ham a chinneadh gur limistéir Ghaeltachta na limistéir sonraithe agus na limistéir sin, limistéir gur Ghaeilgeoiri mórchuid de na daoine atá iontu. Sin go ginearálta an chiall atá leis na teorainneacha atá ann i láthair na huaire. Taobh istigh de na teorainneacha sin tá ceart ag gach duine a bhfuil vóta acu páirt a ghlacadh i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta.

An fíor ó 1956 nuair a leagadh síos an príomh-theorainn do na Gaeltachtaí, go bhfuil méadú an-mhór tagaithe ar líon na ndaoine atá ina gconaí taobh istigh de na teorainneacha sin ach nach bhfuil aon Ghaeilge á labhairt acu? Leis an fhírinne a rá ní fhéadfá ceantair Ghaeltachta a ghlaoch orthu. Mar shampla, mo chathair féin, cathair na Gaillimhe, tagann an teorainn isteach in aice leis an Choirib ach tá an chathair anois fásaithe i bhfad taobh amuigh den sean-cheantar agus tá na mílte tithe tógtha i gceantar a luaitear gur cheantar Gaeltachta é san Acht ach nach bhfuil aon Ghaeilge á labhairt sna tithe. Tá sé sin le feiceáil i ngach áit ar fud na tíre — i Maigh Eo, i nDún na nGall agus i gCiarraí. Cuireann sé ionadh orm nach bhfuil Roinn na Gaeltachta ag déanamh aon athbhreithniú ar an gceist seo. Níl aon chiall leis an chaoi ina bhfuil na teorainneacha leagtha amach faoi láthair.

(Donegal South-West): An cheist a chuir an Teachta Clohessy orm ná an mbeidh athbhreithniú ar bith déanta roimh an chéad toghchán eile. Is é an freagra a thug mé ar an gceist ná “is ar éigean go mbeidh”. Caithfidh mé glacadh leis go bhfuil go leor ceantar sna limistéir oifigiúla Ghaeltachta gur beag Gaeilge atá á labhairt iontu. Ní féidir na dreamanna nó na teaghlaigh atá ag labhairt Gaeilge a chur go taobh amháin de cheantar ar bith agus na daoine nach bhfuil Gaeilge acu a chur go dtí taobh eile. Má tá Gaeilge ag furmhór na ndaoine tá ceart acu bheith taobh istigh den Ghaeltacht. Ach b'fhéidir gur chóir athbhreithniú ginearálta a dhéanamh ar na limistéir Ghaeltachta. Fiú amháin cuireadh Rath Cairn agus Baile Ghib i gContae na Mí isteach sa Ghaeltacht sa bhliain 1967 agus in a dhiaidh sin limistéir bhreise i gContae Chorcaí agus i gContae Phortlairge i 1974 agus sa bhliain 1982 cuireadh limistéir eile i gContae Chorcaí agus i gContae na Mí isteach inti. Is cinnte go bhfuil eolas i bhfad níos fearr ag an Teachta Molloy ar chathair na Gaillimhe agus an gceantar sin ná mar atá agamsa. Beidh mé ag plé na ceiste seo leis an Aire agus le oifigigh na Roinne. Beimid sásta na ceisteanna faoi na ceantair sin nach bhfuil Gaeilge ag furmhór na ndaoine iontu, a phlé go luath amach anseo.

An aontaíonn an tAire gurb é an bun riail ná go mba chóir go mbeadh Gaeilge ag furmhór na ndaoine sa cheantar ionas go mbeadh sé ina cheantar Gaeltachta? Níl mé ag labhairt faoi chathair na Gaillimhe anois. Tá mé ag labhairt faoi na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre ar fad. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas nó ag an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainneacha nó ar na ceantair Ghaeltachta ar fad agus an riail chéanna, pé ar bith riail é, a chur i bhfeidhm ar fud na tíre ar fad.

(Donegal South-West): Tuigeann an Teachta Molloy nach bhfuil sé éasca é seo a dhéanamh ach beimid sásta sa Roinn, nuair a bhemid ag obair ar seo i rith an tsamhraidh, staidéar a dhéanamh air seo agus ina dhiaidh sin cuirfimid in iúl don Teachta cad é atá ar intinn againn.

Nuair a deireann an tAire go gcaithfeadh furmhór de na teaghlaigh a bheith ag labhairt Gaeilge an bhfuil sé ag caint ar mhóramh de na teaghlaigh nó an bhfuil aon chéatadan de na teaghlaigh gur chóir a bheith ag labhairt na Gaeilge?

(Donegal South-West): De réir an Ailt a luaigh mé, is é sin alt 2, fo-Alt (2) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasaithe) is limistéir Ghaeltachta iad limistéir inar Gaeilgeoiri mórchuid de na daoine iontu. Chuir an imirce agus an dífhostaíocht, ar ndóigh, isteach ar an nGaeltacht agus ar phobail na nGaeltachtaí tríd an tír go léir. Bhí ar go leor daoine dul ar imirce thar sáile sna caogadaí agus sna seascadaí. Tháinig na daoine sin ar ais arís agus ní dóigh liom gur cheart a rá nach cóir do na daoine nach bhfuil deis acu Gaeilge a labhairt nó a fhoghlaim a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Níl éinne ag rá sin.

(Donegal South-West): Ní dúirt mé go ndúirt tú. Tá mé ag tabhairt freagra ar an Teachta De Rossa. Caithfimid daoine a ghríosadh chun sin a dhéanamh. Má tá moltaí ag Teachta ar bith sa Teach nó taobh amuigh den Teach beimid breá sásta staidéar a dhéanamh air sin. Go háirithe má tá daoine den tuairim láidir go bhfuil ceantair ann nach ceart a bheith sa Ghaeltacht déanfaimid staidéar air sin chomh maith.

An admhódh an tAire Stáit nach bhfuil na bunrialacha a leagadh síos in Acht 1956 i leith na gceantar Gaeltachta á gcomhlionadh ó thaobh na dteaghlach gur chóir dóibh a bheith ag labhairt Gaeilge má tá an ceantar le bheith ainmnithe mar cheantar Gaeltachta. Is ceist mhór í seo. Tá imní ar dhaoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge faoin chur-i-gceill atá ar siúl. Ar ndóigh, tá áiteanna eile ina bhfuil Gaeilge agus b'fhéidir gur chóir go mbeadh siad taobh istigh den Ghaeltacht. Tá áiteanna ar fud na tíre ina gceapann daoine go bhfuil cás acu le bheith ainminithe mar Ghaeltacht. Tá áiteanna eile in a bhfuil sé chomh soiléir le dubh agus bán nach bhfuil siad ag comhlíonadh na rialacha. Cén fáth go bhfuil an Roinn agus an Rialtas sásta cur suas leis an gcur-i-gcéill seo? Ní dheineann sé aon mhaitheas don teanga.

(Donegal South-West): Níor éirigh an fhadhb seo inniu nó inné. Tá an fhadhb seo ann le fada an lá. Bhí sé ann i bhfad sular ceapadh mé féin nó sular toghadh mise nó an tAire don Teach seo. Bhí sé ann nuair a bhí an Teachta Molloy ina bhall den Rialtas.

Ní freagra é sin.

(Donegal South-West): Táimidne dáirire faoi seo. Is fíric é seo agus tá na fíricí searbh. Beimid sa Roinn ag déanamh staidéir air seo i rith an tsamhraidh. Beimid ag amharc ar áiteanna éagsúla taobh istigh agus taobh amuigh, de na limistéir Ghaeltachta atá ann faoi láthair. Má tá Teachta ar bith agus tuairim láidir acu faoi áiteanna arbh cheart iad a bheith taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht beimid sásta éisteacht leis na daoine sin má chuiream siad a dtuairimí os ar gcomhair.

Ní haon mhaitheas a bheith ag iarraidh ar Theachtaí Dála dul go dtí do dhoras agus a rá go dteastaíonn uathu an ceantar seo a bheith istigh agus an ceantar eile a bheith taobh amuigh. Caithfear staidéar iomlán a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta ar fad ar bhunús ceart, eolaíocht cheart agus taighde ceart ar son na Gaeilge. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire atá ina shuí leat ansin leis an méid atá á rá agam. Is minic mé féin agus daoine eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sna ceantair seo ag labhairt fari seo.

(Donegal South-West): Sin a dúirt mé ag an tús — go mbeimis ag déanamh staidéir air seo. Ach dá ndéarfaimis nach raibh ceart ag Teachtaí na tuairimí atá acu a chur chugainn bheadh an Teachta Molloy ag rá nach raibh an ceart sin againn.

Déan i gceart é nó ná déan in aonchor é.

(Donegal South-West): Déanfaimidne rud eigin. Bhí daoine eile ann ó 1970 go dti 1973/74 agus arís idir 1977 agus 1979 agus arís idir 1987 agus 1989 agus níor dhein na daoine sin mórán fá dtaobh de.

Níl ansin ach cleasaíocht.

(Donegal South-West): Ní cleasaíocht atá ann.

Cad tá an tAire chun a dhéanamh faoi?

(Donegal South-West): Tá mé á rá go bhfuilimid sásta breathnú air seo, rud nach raibh Airí agus Teachtaí eile sásta a dhéanamh sna seachtóidí agus ag deireadh na n-ochtóidí.

Time permits us just to address Question No. 14 in the name of Deputy Sargent.

Barr
Roinn