Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 12 Oct 1993

Vol. 434 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Liostaí Foilseachán Rialtais.

Trevor Sargent

Ceist:

28 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Airgeadais an ndéanfaidh sé an liosta foilseachán ó Oifig an tSoláthair a fhiosrú agus a mhíniú cén fáth nach bhfuil aon Ghaeilge sa leabhrán seachas ainmneacha na bhfoilseachán Gaeilge, agus an bhfuil sé i gceist go mbeidh a leithéid d'fhoilseachán dátheangach ar a laghad amach anseo.

Ins na liostaí foilseachán Rialtais, taispeántar teideal gach foilseacháin san teanga ina fhoilsitear é.

Meastar nach mbeadh sé inmholta na teidil a aistriú.

Dá ndéanfaí na teidil a aistriú bheadh baol ann, toisc an méid oibre agus an méid ama a bheadh i gceist, go gcruirfí moill ar tháirgeadh an liosta seachtainiúil.

Tá socrú á dhéanamh, áfach, go mbeidh teidil na liostaí féin, agus ceannteidil agus ailt eolais a bhíonn ag gabháil leo dátheangach amach anseo.

Mar is eol don Aire táimse ag déanamh tagairt do na foilseacháin ar fad, ní do na teidil amháin. Cén sort sampla é sin do dhaoine taobh amuigh den Rialtas nuair a fheiceann siad leabhrán ina bhfuil foilseacháin Bhéarla agus foilseacháin Ghaeilge agus ceann teidil an-mhór as Béarla amháin.

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil an teicneolaíocht againn, nach bhfuil an saineolas againn? Tá fhios agam go bhfuil daoine sa Rialtas le Gaeilge. Cén fáth go bhfuil "Education" againn, mar shampla, agus bearna mór ar an dá thaobh? Níl aon chúis nach mbeadh an dá theanga in úsáid anseo. Ní fheicim agus ní thuigim cén fáth seachas leisce nach bhfuil foilseachán chomh tábhachtach agus chomh náisiúnta leis seo dátheangach nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil idir Ghaelscoileanna agus scoileanna Béarla sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht faoi stiúir an Rialtais. An féidir leis an Aire a rá nach dtarlóidh sé arís agus go gcuirfidh an Rialtas foilseachán le chéile trí Bhéarla agus trí Ghaeilge leis na ceannteideal agus na teachtarachtaí ginearálta dátheangach? Nílim ag rá gur chóir gach ceannteideal a aistriú mar is teidil foilseacháin iad siad. Ach táim ag caint faoi na habhairtí i mBéarla amháin. Mar shampla, féach anseo: "Stationery Office, Dublin". Tá sé sin chomh gallda le Westminster. Ní fheicimse cén fáth go mbeadh sé mar sin.

Gabh mo leithscéal, a Theachta. Ní raibh an cheist sin soiléir domsa ach déanfaidh mé í a scrúdú.

Barr
Roinn