Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Written Answers. - Cur Chun Cinn na Gaeilge.

Trevor Sargent

Ceist:

5 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén toradh a bhí ar an bhfeachtas de chuid Chonradh na Gaeilge i 1983 maidir leis an mBille chun an Ghaeilge a Chur Chun Cinn agus le Bille Cearta don Ghaeilge; an bhfuil sé i gceist aige aidhmeanna an fheachtais sin a chur i gcrích; agus, má tá, cathain.

Tráth an fheachtais faoi choimirce Chonradh na Gaeilge chun Bille Cearta don Ghaeilge a reachtáil, cinneadh ag an am gan Bille mar sin a chur faoi bhráid an Oireachtais. Is amhlaidh gur díríodh, inter alia, ar iarrachtaí a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i Ranna agus i gcomhlachtaí Stáit i dtreo go mbeadh ar a gcumas freastal ar dhaoine ar mhian leo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is cinnte go ndearnadh dul chun cinn áirithe ach níor leor é.

Maidir leis an Rialtas seo, tá sé mar chuid den Chlár le haghaidh Rialtais Compháirtíochta 1993-1997 go nglacfar céimeanna d'fhonn a chinntiú go ndéanfaidh an státchóras gnó trí Ghaeilge leo siúd ar mian leo é sin a dhéanamh agus go háirithe le muintir na Gaeltachta.

Ar threoir uaim féin, d'ullmhaigh Bord na Gaeilge treoirlínte sna cúrsaí sin a cuireadh go dtí na Ranna Stáit éagsúla agus chuig na háisínteachtaí Státurraithe faoina gcúram agus iarradh orthu pleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Tá sé socraithe go mbeidh Bord na Gaeilge i gcomhar le mo Roinn féin, ag plé leis na feidhmeanna comhairle, teagmhála, tuairisciú agus measúnú a thiocfaidh i gceist. Beidh gach cúnamh le fáil ó mo Roinnse agus ó Bhord na Gaeilge don obair seo go léir. Táim ag súil le toradh fónta ar an bhfeachtas sin.
Barr
Roinn