Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Jan 1994

Vol. 437 No. 6

Written Answers. - Oideachas Speisialta.

Trevor Sargent

Ceist:

111 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais céard é an soláthar atá ann nó atá i gceist a bheith ann d'oiliúint múinteoirí feabhais agus speisialtóirí eile, mar shampla síceolaithe agus teiripigh chainte, do pháistí Gaeltachta agus páistí atá á dtógáil trí Ghaeilge i bhfianaise na heaspa atá ann faoi láthair mar atá ráite i dtuairisc an Choiste Athbhreithnithe ar an Oideachas Speisialta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ar an ábhar.

Tá múinteoirí na tíre cáilithe chun freastal ar riachtanais daltaí trí Ghaeilge nó trí Bhéarla agus tá soláthar ann d'oiliúint bhreise a thabhairt i dteagasc trí Ghaeilge do mhúinteoirí feabhais agus eile. Maidir le síceolaithe mo Roinne féin, tá ar a gcumas siúd gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is iad na boird sláinte atá freagrach as ceapachán agus as oiliúint síceolaithe eile agus teiripigh chainte.

Tá sé i gceist agam grinnstaidéar a dhéanamh ar mholtaí an Choiste Athbhreithnithe ar an Oideachas Speisialta agus plean gníomhaíochta dá réir a ullmhú amach anseo.
Barr
Roinn