Dinny McGinley
Ceist:108 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid a cuireadh ar fáil óna Roinn le linn 1993 chun oibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar na bóithre ar Oileán Thoraí, Contae Dhún na nGall.
Vol. 437 No. 7
108 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid a cuireadh ar fáil óna Roinn le linn 1993 chun oibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar na bóithre ar Oileán Thoraí, Contae Dhún na nGall.
Níor ceadaíodh deontas i 1993 chun feabhas a chur ar bhóithre ar Thoraigh. Ní miste a lua, áfach, go bhfuil iarratas ar dheontas chun bóithre an oileáin a dheisiú faighte agam le fíordhéanaí ón chomharchumann áitiúil agus tá sé i gceist agam é sin a bhreithniú chomh báúil agus is féidir liom.
109 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ina Roinn le hoibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar na céibheanna ag Málainn Mhór agus Málainn Bheag i gContae Dhún na nGall; agus an gcuirfidh sé deontas ar fáil ina leith.
, Donegal South West): Maidir le feabhsú na saoráidí calaíochta ag Málainn Bheag tá breithniú á dhéanamh ag mo Roinnse ar thuarascáil innealtóireachta agus ar mheastachán costais i dtaobh na ceiste a fuarthas le déanaí ó Roinn na Mara.
I gcás na Málainne Móire tá iarrtha ag mo Roinnse ar Roinn na Mara meastachán costais a chur ar fáil maidir le oibreacha feabhsúcháin áirithe ag an áit. Scrúdófar an cás tuilleadh nuair a gheofar an t-eolas sin.