Mar is eol don Aire tá an ceantar siar ó Ghaillimh go dtí an Cheathrú Rua ar cheann de na ceantair is mó fás agus forbairt le fiche bliain. Faoi láthair tá dhá scéim réigiúnach ag freastal ar an gceantar seo. Idir an Spidéal agus Ros a'Mhíl is grúp-scéim uisce atá ann a cuireadh ar bun sna seachtóidí. Cuireadh é seo ar bun le haghaidh daonra a bhí i bhfad níos lú ná an daonra atá ann i láthair na huaire agus níl an foinse uisce in ann soláthar ceart uisce a chur ar fáil don cheantar sin anois. Bíonn fadhbanna móra leis an mbrú uisce sa cheantar agus freisin bíonn gearáin ó uair go chéile faoi chaighdeán an uisce féin. Glacaim leis go bhfuil an t-uisce ar chaighdeán sásúil ach bíonn cor gearáin faoi dhath an uisce agus mar sin de.
An moladh atá ann anois ná go gceanglófaí scéim réigiúnach an Spidéil le ceann na Ceathrú Rua. Réiteodh sé seo dhá fhadhb. Ó tharla go bhfuil fuílleach uisce ar fáil ón scéim réigiúnach sa Spidéal chinnteodh sé soláthar ceart uisce don cheantar siar on Spidéal go Ros a' Mhíl. Freisin chinnteodh sé soláthar uisce níos fearr don chalaphort i Ros a' Mhíl, áit a bhfuil ganntanas uisce ag cur bac ar fhorbairt. Freisin chinnteodh sé soláthar ceart uisce don Cheathrú Rua agus don Spidéal sa chás gur éirigh fadhb i gceachtar den dá cheantar. Mar is eol don Aire tá méadú mór daonra sa phobal seo. Mar shampla, sa 20 bliain idir 1971 agus 1991 tháinig méadú ar an daonra sa cheantar seo de 30 faoin gcéad.
In ainneoin na cainte ar fad atá ar bun maidir le bánú na tuaithe, bánú na Gaeltachta agus bánú Chonamara agus an Iarthair is iontach go bhfuil forbairt agus fás daonra den chineál sin ann. Tá sé ar cheann de na rátaí fáis is mó sa tír. Mar shampla, sa cheantar a bhfuil Comharchumann Shailearna ag freastal air — sé sin ceantar an ghrúp-scéim — tháinig méadú ar an daonra idir 1971, an t-am a cuireadh isteach an scéim uisce, agus 1991, ó 2,402 to dtí 3,139 duine. Freisin de bharr na hoibre atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta tá go leor monarchana sa cheantar seo agus tá gá acu siúd le soláthar leanúnach uisce.
Bhéinn buíoch mar sin den Aire dá bhféadfadh sé tosaíocht a thabhairt don iarratas seo agus féachaint leis an bpíopa uisce seo a chur ar fáil. Mura ndéantar é seo ní bheidh aon rogha ag Comharchumann Shailearna atá i mbun an ghrúp-scéim sa cheantar ach iarratas a dhéanamh le haghaidh grúp-scéim méadaithe i gceantar Indreabháin. Ó tharla go mbeadh méadú agus feabhsú ar an bhfoinse uisce i gceist, bheadh an réiteach seo ar an bhfadhb i bhfad níos costasaí ná an moladh atá ann go gcuirfí an píopa nua siar ón Spidéal agus go gceanglófaí le chéile córas an Spidéil agus na grúp-scéimeanna atá ar bun ag Comharchumann Shailearna agus córas na Ceathrú Rua.
Mar sin, ba mhaith liom iarradh ar an Aire breathnú go fabharach ar an moladh go gcuirfí píopa 10 n-orlach ar fáil.