Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 22 Mar 1994

Vol. 440 No. 4

Written Answers. - Functions of Údarás na Gaeltachta.

Enda Kenny

Ceist:

330 Mr. E. Kenny asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the function of Údarás na Gaeltachta in so far as regional development within Ireland is concerned; and if he will make a statement on the matter.

Is eagras forbartha Stáit é Údarás na Gaeltachta a bunaíodh ar 1 Eanáir 1980 faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, chun caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus chun tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht.

Ar ndóigh, is eagraíocht réigiúnach í an tÚdarás a dhéanann freastal ar riachtanais na gceantar Gaeltachta, atá lonnaithe go príomha in Iarthar na tíre. Ní miste a lua go bhfuil trí Coiste Réigiúnacha bunaithe ag an eagraíocht d'fhonn seirbhís níos éifeachtaí a chur ar fáil do na réigiúin i gceist.

Barr
Roinn