Éamon Ó Cuív
Ceist:254 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a cheadú d'obair chéibhe i gCill Éinne, Inis Mór, Árainn, Contae na Gaillimhe.
Vol. 440 No. 7
254 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a cheadú d'obair chéibhe i gCill Éinne, Inis Mór, Árainn, Contae na Gaillimhe.
Donegal South West): Tá tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais i leith feabhsú na saoráidí calaíochta ag Cill Éinne, Inis Mór, Árainn, a fuarthas ó Roinn na Mara, á breithniú ag mo Roinnse i láthair na huaire agus déanfar cinneadh ina leith a luaithe is féidir.