Tá fóráil san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, i.e., alt a 9 den Acht sin, faoinar féidir — d'fhonn forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair — cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás le hordú ón Rialtas. Sula bhféadfaí a iarraidh ar an Rialtas ordú mar sin a dhéanamh, bheadh sé riachtanach don Údarás cás iomlán a chur faoi bhráid a léireodh go dearfa go bhféadfadh siad cúraimí atá ar eagrais eile a chur i bhfeidhm níos éifeachtaí chun leas na Gaeltachta ná mar atá na cúraimí sin á gcur i grích cheana féin.
Ach cás mar sin a fháil ón Údarás, beifear sásta é a scrúdú go báúil i gcomhairle leis na Ranna Stáit iomchuí d'fhonn tacaíocht a thabhairt dó i láthair an Rialtais.