Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 22 Jun 1994

Vol. 444 No. 2

Written Answers. - Oibreacha Deisiúcháin ar Chéanna.

Dinny McGinley

Ceist:

55 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil deontas ceadaithe ag a Roinn le haghaidh oibreacha deisiúcháin ar chéibheanna ag Málainn Bhig agus Málainn Mhóir i nDún na nGall méid an deontais i ngach cás; agus cén uair a chuirfear tús leis an obair.

: Tá breithniú á dhéanamh ar mheastacháin chostais a fuarthas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir le hoibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar na piaraí ag Málainn Mhór agus ag Málainn Bheag.

Dinny McGinley

Ceist:

56 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ina Roinn le haghaidh deontas deisiúcháin do ché Mhachaire Rabhartaigh, Dún na nGall; cén dáta ar fritheadh an t-iarratas; an bhfuil an t-iarratas á mheas nó ceadaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

Níl iarratas ar chúnamh i leith feabhsú na saoráidí calaíochta ag Machaire Rabhartaigh faoi bhráid mo Roinne i láthair na huaire. Fuarthas iarratas, áfach, ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh chun cosc a chur le creimeadh cósta ag an áit sin ach míníodh don Chomhairle nach raibh son soláthar airgid ar fáil do mo Roinn chun cúnamh a thabhairt i leith oibre den chineál sin.

Barr
Roinn