Bhí ceist na struchtúr idirmheánach oideachais ar cheann de na heochairthéamaí a pléadh ag an gComhdháil Náisiúnta Oideachais. Ag éirí as an gClár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta tá cúram curtha ar an Rialtas struchtúir mar sin a thabhairt isteach.
Tharla díospóireacht an-tairbheach, an-dearfach ar an ábhar seo ag an gComhdháil, rud a léirigh go raibh na rannpháirtithe uile lándáiríre maidir le haghaidh a thabhairt ar na ceisteanna bunúsacha a bhí ag éirí. Ag an deireadh, bhí an chomhthuiscint ann go gcuirfeadh staidpháipéar uaimse, mar Aire, go mór leis an díospóireacht a chur chun cinn. Bhí fonn ar na rannpháirtithe freisin leanúint dá gcuid machnaimh i láthair an tsoiléirithe bhreise a sholáthróinnse.