Tá me chun Ceisteanna 38 agus 122 a fhreagairt le chéile.
Is sa bhliain 1973, ar dhul isteach dúinn sa Chomhphobal Eorpach, a bunaíodh stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Cuirtear in iúl go reachtúil é in Alt 3 d'ár gConradh Aontachais.
Tá na Conarthaí bunaidh uile ar fáil i nGaeilge, mar shampla na Conraithe Aontachais, An tAcht Eorpach Aonair agus Conradh Mhaastruicht ar an Aontas Eorpach.
Tá an Ghaeilge á úsáid freisin ar Pasanna Eorpacha i ngach tír san Aontas, ar chomh-chéim leis na teangacha eile.
Ach ní teanga oibre den Aontas Eorpach an Ghaeilge. Ní luaitear an Ghaeilge i liosta "teangacha oifigiúla agus oibre Institiúidí an Chomphobail" a tá mar aguisín ar an Ionstraim dhleathach den Chomhairle ina leagtar amach go foirmeálta córas teangacha an Aontais.
Tá staidéar déanta agam ar mholtaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i dtaobh stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.
I mí Meitheamh bhuail oifigigh ó mo Roinn-se, maraon le hoifigigh ó Ranna Stáit eile a bhuil baint acu leis an cheist, go háirithe ón Roinn Ealaíon, Cultúrtha agus Gaeltachta, le hionadaí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eagraíochtaí eile Gaeilge, chun a dtuairimí ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach a phlé.
Is dócha go mbeidh córas teangacha na nInstitiúidí i measc na ceisteanna a bheas le plé ag an Chomhdháil idir Ionadaithe na mBallstát (CIB no Intergovernmental Conference) i 1996. Tá ordú tugtha agam go ndéanfaí mionscrúdú, le feiscint ar chóir don Rialtas ceist stádas na Gaeilge a tharraingt anuas ag an Intergovernmental Conference. Sa scrúdú sin cuirfear san áireamh torthaí na gcainteanna leis na heagraíochtaí Gaeilge agus na moltaí úd ó Chómhdháil Náisiúnta na Gaeilge.