Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Nov 1994

Vol. 447 No. 1

Ceisteanna—Questions. Written Answers. - Deontais.

Dinny McGinley

Ceist:

279 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ar fritheadh iarratas ó Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille le haghaidh deontais do bhóithre áise sa cheantar sin; an bhfuil an t-iarratas á mheas; agus an gceadófar deontais do na bóithre atá luaite. [3320/94]

Dinny McGinley

Ceist:

280 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ar fritheadh iarratas ó Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille le haghaidh deontais do bhóithre áise sa cheantar sin; an bhfuil an t-iarratas á mheas; agus an gceadófar deontais do na bóithre atá luaite. [3350/94]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 279 agus 280 le chéile.

Mhol Comhairle Pharóiste Ghleann Cholm Cille trí bhóithe sa cheantar i mbliana le haghaidh cúnaimh ó mo Roinnse chun iad a fheabhsú. Déanfar cásanna na mbóithre sin a mheas, i gcoimhlint le cásanna eile i nGaeltacht Dhún na nGall, an chéad uair eile a bheidh deontais faoi Scéim na mBóithre Áise á gceadú.

Barr
Roinn