Éamon Ó Cuív
Ceist:31 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta an deontas nua do labhairt na Gaeilge a íoc le teaghlaigh a bhí ag fáil airgid faoin seanscéim £10.00 agus atá dícháilithe ón scéim nua de bharr go bhfuil siad taobh amuigh de na limistéir Ghaeltachta, 1956. [1035/95]