Éamon Ó Cuív
Ceist:100 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh ar an gCéibh nua in Inis Oírr i 1994; agus cé mhéad airgid atá le caitheamh ar an gCéibh sin i 1995. [3358/95]
Vol. 449 No. 1
100 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh ar an gCéibh nua in Inis Oírr i 1994; agus cé mhéad airgid atá le caitheamh ar an gCéibh sin i 1995. [3358/95]
Glacaim leis go bhfuil fhios ag an Teachta go bhfuil na céibheanna ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr á bhforbairt mar mhórscéim mhuiroibreacha amháin ar chostas measta de £4.5 milliún. Caitheadh £1.731 milliún ar an togra seo i 1994 agus tá i gceist go gcríochnófar an obair i mbliana ar chostas timpeall £1.8 milliún.