Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Feb 1995

Vol. 449 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Disadvantaged Areas Sub-Programme.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

4 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach an bhfuil sé i gceist go mbeidh Conamara mar aon aonad amháin faoin Disadvantaged Areas Sub-Programme den Phlean Náisiúnta; agus an mbeidh Conamara ar fad mar aon le hOileáin Árann san áireamh sa cheantar seo. [3395/95]

Éamon Ó Cuív

Ceist:

5 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach cén uair a chuirfear an Disadvantaged Areas Sub-Programme a fógraíodh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta i bhfeidhm. [3396/95]

Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 4 agus 5 a thabhairt le chéile.

Foilsíodh an Clár Oibríochta le haghaidh Forbairt Áitiúil Uirbeach agus Tuaithe ar an 2 Feabhra 1995. Tá Fo-Chlár na Limistéar faoi Mhí-bhuntáiste faoin gClár sin i ngníomh anois agus tá na limistéir faoin bhFo-Chlár fógraithe freisin. Tá dul chun cinn maith déanta ag bunú structúr comhpháirtíochta sna limistéir seo.

Is é cuspóir don Chlár Forbartha Áitiúil ná forbairt eacnamaíochta agus sóisialta a chur ar siúl ag an leibhéal áitiúil agus an pobal a ghríosadh le páirt ghníomhach a ghlacadh san fhorbairt sin. Is féidir aird ar leith a thabhairt ar limistéir nó pobail ar leith taobh istigh de limistéir ainmnithe ach ní bhuntáiste ar bith é iad a dheighilt amach ón mórlimistéar lena ngabhann siad.

Tá 35 limistéar ainmnithe mar limistéir faoi mhíbhuntáiste faoin gClár. I gcás formhór na limistéar ina bhfuil ceantair tuaithe i gceist, tá an contae iomlán ainmnithe. Sin é an tslí is éifeachtaí chun dul i ngleic le míbhuntáiste tuaithe mar go mbíonn a leithéid níos scaipthe ná mar a bhíonn i gcás limistéar uirbeach.

Caithfear costas a chur san áireamh freisin óir ní bheadh sé tíosach chor ar bith dá mbeadh trí structúr comhpháirtíochta ann agus iad ar leithligh óna chéile go hiomlán, laistigh de chontae singil amháin.

Nuair a fógraíodh na limistéir ainmnithe i dtosach faoin gclár forbartha áitiúil léiríodh na limistéir a raibh sé mar sprioc forbairt a dhéanamh orthu faoin gClár. Sonraíodh Cathair na Gaillimhe, Conamara agus oirthear na Gaillimhe mar sprioc-cheantair sa chéad fhógra a cuireadh amach. Sonraíodh ann freisin go socrófaí teorainneacha beachta don limistéar trí dhul i gcomhairle leis an bpobal áitiúil — dhéanfadh an Fhoireann Comhoirdníochta Náisiúnta an méid sin. Is é toradh an phróiséis seo ná an moladh go n-oibreoidh Cathair na Gaillimhe mar limistéar comhpháirtíochta amháin agus go n-ainmneofaí an contae ina iomláine mar limistéar singil.

Beidh Conamara agus Oileáin Árann mar chuid de limistéar ainmnithe Chontae na Gaillimhe. Cuirfidh na socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí san áireamh na riachtanais sonracha sna limistéir éagsúla laistigh dá dteorainneacha agus cuirfidh siad gníomhaíochtaí ar bun chun freastal ar na riachtanais sin. Tabharfar aird ar leith ar riachtanais na n-oileán sna socraithe comhpháirtíochta do Chontae na Gaillimhe. Beidh freastal sna struchtúir seo ar an ngá atá ann le socraithe cuí a chinntiú i gcás na limistéar Gaeltachta.

Tá mé buíoch den Aire Stáit as ucht an fhreagra thar a bheith cuimsitheach a thug sé. Ba maith liom a fhiafraí den Aire Stáit i dtosach báire go díreach cé leis gur chuathas i dteangbháil nuair a bhí comhairle á lorg. Mar shampla, ar deineadh teangbháil le baill na n-údarás áitiúla go hoifigiúil agus le Baill an Oireachtais sna ceantair atá i gceist?

An dara cheist ar mhaith liom a chur air ná ar tógadh ceist teanga san áireamh nuair a bhí na limistéir seo á leagadh amach. Freisin, an bhfuil an tAire Stáit buartha go bhfuil an oiread sin eagras tuaithe faoi chúram an Stáit agus faoi chúram an Chomhphobail ag plé leis na ceantair seo mar shampla, Údarás na Gaeltachta, County Enterprise Boards, Leader, ADM agus anois an dream nua seo. An gcuireann sé imní air?

Shocraigh Rialtas Fhianna Fáil agus an Lucht Oibre na modhanna chun na limistéir a ainmniú agus in a dhiaidh sin na teorainneacha. Níl sa Chlár a foilsíodh ar an 2 Feabhra ach toradh an phróiséis sin.

Nuair a fógraíodh na limistéir ainmnithe i dtosach faoin gCláir Forbartha Áitiúil léiríodh na limistéir a raibh sé mar sprioc forbairt a dhéanamh orthu faoin gClár. Sonraíodh Cathair na Gaillimhe, Conamara agus Oirthear na Gaillimhe mar sprioc-cheantair sa chéad fhógra a cuireadh amach. Sonraíodh ann freisin go socrófaí teorainneacha beachta don limistéar trí dhul i gcomhairle leis an bpobal áitiúil — dhéanfadh an Fhoireann Comhoirdníochta Náisiúnta an méid sin. Is é toradh an phroiséis seo ná an moladh go n-oibreodh Cathair na Gaillimhe mar limistéar comhpháirtíochta amháin agus go n-ainmmneofaí an contae ina iomláine mar limistéar singil.

An bhfuil sé i gceist socruithe a dhéanamh go mbeifear in ann plé le muintir na Gaeltachta tré mheán na Gaeilge agus an gcuirfear iachall ar an bhfoireann a bhéas ag plé leis na ceantair Ghaeltachta Gaeilge a bheith acu?

Is féidir le muintir na Gaeltachta a gcomhlacht féin a chur ar bun. Beidh siad in ann an structúr atá uathu a chur in iúl do na daoine atá i gceannas i gContae na Gaillimhe.

B'fhéidir nach dtuigim an rud ach bheinn ag iarraidh ar an Aire Stáit cóip de na cáipéisí a chur chugam.Tá díomá orm, tar éis gur foilsíodh seo ar an 2 Feabhra, nach bhfuil cóip faighte agamsa mar urlabhraí ar chúrsaí tuaithe agus oileán nó, de réir mar a thuigim, ag an Teachtaí eile.

Tuigim go mbeidh dream amáin ag plé le Contae na Gaillimhe ar fad agus ba maith liom a fhiafraí den Aire Stáit an ndéanfar cinnte de go mbeidh Gaeilge ag an dream a bhéas ag plé leis an nGaeltacht.

Is dóigh liom má tá comhnaí ar na daoine sin i gContae na Gaillimhe go mbeidh Gaeilge acu.

Barr
Roinn