Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Feb 1995

Vol. 449 No. 7

Written Answers. - Scoil Bhriocáin, Rosmuc.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

169 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta múinteoir tacaíochta a cheapadh do Scoil Bhriocáin, Gort Mór, Rosmuc, Contae na Gaillimhe, ó tharla go bhfuil naonúr déag dalta ann agus nach bhfuil ann ach oide amháin ó 1994 agus ocht rang le múineadh ag an oide sin. [4324/95]

Tá an méid muinteoirí atá ceadaithe ar fhoireann teagaisc do bhliain áirithe bunaithe ar chlarú na scoile ar an 30 Meán Fomhair roimh ré. Tá sé sin i gcomhréireacht socrú a dheineadh idir an Rialtas agus Cumann Muinteoirí na h-Éireann.

Bhí 21 ar rollaí na scoile ar an 30 Méan Fomhair 1993 agus 'sé an méid atá ceadaithe ar fhoireann teagaisc Scoil Náisiúnta Briocáin, An Ghoirt Mhóir de réir na huimhreacha seo ná Príomhoide amháin don scoilbhliain 1994-95.

Barr
Roinn