Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Plean Forbartha Gaelscoile.

Robert Molloy

Ceist:

67 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil plean forbartha Campus Pobail Ghaelscoil Mhic Amhlaigh faighte aige; má tá, an bhfuil sé sásta tacaíocht a thabhairt don phlean; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2162/95]

Fuarthas cóip de Phlean Forbartha 1994-99 Ghaelscoil Mhic Amhlaigh sa Roinn tamall ó shin. Ar an gcéad dul síos is mian liom a rá go soiléir nach bhfuil freagracht ar mo Roinnse maidir le cúnamh a chur ar fáil chun Gaelscoileanna a bhunú. Ach é sin ráite, beidh mé sásta cibé cúnamh is féidir liom — seachas cúnamh airgid — a thabhairt chun an plean forbartha a chur i gcrích.

Barr
Roinn