Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 22 Mar 1995

Vol. 450 No. 8

Written Answers. - Riachtanais Chalaíochta Thoraí.

Mary Coughlan

Ceist:

95 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cá huair a dhéanfar socrú faoi dheontas do chéibh úr ar Oileán Thoraí. [5947/95]

Tá riachtanais chalaíochta Thoraí á meas ag mo Roinnse le tamall anuas. Is í an aidhm atá agam ná go mbeidh áiseanna oiriúnach calaíochta ar Thoraigh a luaithe is féidir chun freastal ar riachtanais na seirbhíse farantóireachta chuig an oileán agus ar riachtanais phobal an oileáin i gcoitinne. Chuige sin ceadaíodh deontas breise lánchostais nach rachaidh thar £150,000 anuraidh (anuas ar chúnamh de £43,600 a íocadh cheana i leith suirbhéanna agus staidéir éagsúla) chun a chumasú do Roinn na Mara suirbhéanna riachtanacha breise, i.e., suirbhé hídreagrafach móide tástáil suímh, a dhéanamh ar an láthair. Bhí gá leis an obair sin chun a chumasú do Roinn na Mara pleananna agus meastachtán costais a ullmhú.

Tá na pleananna sin mar aon le meastachán costais don obair faighte le fíordhéanaí ó Roinn na Mara agus táthar á meas ag mo Roinnse faoi láthair.

Barr
Roinn