Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 May 1995

Vol. 452 No. 5

Written Answers. - Cé i Leitir Mealláin, Contae na Gaillimhe.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

49 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a cheadú le obair a dhéanamh ar Chéibh Phaddy Jack i bhFhirinis, Leitir Mealláin, Contae na Gaillimhe, a bhfuil droch-caoi uirthi agus a mbaintear anúsaid aisti. [88248/95]

Is amhlaidh go ndearnadh damáiste don Ché sin le linn stoirmeacha an gheimhridh seo caite agus tá iarratas, a fuarthas ón bpobal áitiúil i mí Feabhra seo caite, chun oibreacha deisiúcháin a chur i gcrích ar an suíomh á scrúdú ag mo Roinnse faoi láthair. Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas cinneadh a dhéanamh sa chás go luath amach anseo.

Barr
Roinn