Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 May 1995

Vol. 452 No. 5

Written Answers. - Deontás do Chlub Rosmuc, Contae na Gaillimhe.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

51 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas aige ó Chlub Dornálaíochta Chamuis-Rosmuc, le haghaidh deontais le fáinne dornalaíochta a chur ar fáil don Chlub thuas; agus cén uair a dhéanfar cinneadh faoin iarratas sin. [8349/95]

Bhí oifigeach áitiúil de chuid mo Roinnse i gcomhairle leis an gcoiste seo tamaill ó shin agus míníodh dóibh gur gá sonraí áirithe faoin gcostas, etc. a sholáthar sula bhféadfaí ceist deontais a mheas. Tuigfidh an Teachta nach féidir an cás a bhreithniú tuilleadh gan an t-eolas atá iarrtha a fháil ón gcoiste.

Barr
Roinn