Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 May 1995

Vol. 452 No. 8

Written Answers. - Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha.

Robert Molloy

Ceist:

123 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an bhfuil iarratas faighte aige faoi na Cistí Struchtúracha ó Chomhlacht Amharclainne Punchbag, Gaillimh, chun cabhrú lena dtionscnamh amharclainne a chur i gcrích. [7727/95]

Fuarthas iarratas ar chúnamh airgid ó Chomhlacht Amharclainne Punchbag, Gaillimh, faoin Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha, atá á cur i bhfeidhm ag mo Roinnse faoi théarmaí an Chláir Feidhme Turasóireachta 1994-1999. Beidh mé ag tabhairt socruithe chun críche go luath i ndáil le measúnú na n-iarratas faoin Scéim.

Ag féachaint don líon mór iarratais a fuarthas agus do chastacht an phróiséis meastóireachta, tá an chosúlacht ann go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama chun cinnithe a dhéanamh faoi na tograí sonrachta a dtabharfar cúnamh airgid dóibh.
Barr
Roinn