Sa bhliain 1992 nuair a bhí an Páirtí Daonlathach sa Rialtas rinne an Rialtas sin cinneadh dhá mhórchéibheanna a thógáil ar na hOileáin Arainn, Inis Meáin agus Inis Oírt. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh ó shin go sásúil agus creidim go mbeidh an obair críochnaithe ag deireadh na bliana seo.
In Inis Oírr tá muintir an oileáin ag iarraidh go dtógfaí fánán nua taobh leis an gcé nua atá á tágáil agus a bheidh críochnaithe ag deireadh na bliana. Bhí gá mór leis na céibheanna seo ar an dá oileán ionas nach mbeadh ar na hoileánaigh a thuilleadh dul amach ar churrachaí chun earraí a iompar isteach ón mbád farantóireachta. Nuair a bheidh na céibheanna tógtha beidh na báid farantóireachta in ann teacht i dtír ag na céibheanna agus ní bheidh cruatan ar na hoileánaigh arís. Is maith an rud é go mbeidh an áis seo ar fáil go luath ach chun foscadh a thabhairt do na bádóirí agus do na hiascairí ar an oileán tá gá le fánán a thógáil. Tá iarratas curtha isteach go dtí An Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag muintir an oileáin. Níl scéal faighte acu fos an bhfuil an Roinn sásta cabhair a thabhairt chun an fánán seo thógáil. Is é an chéad rud atá ag teastáil ná suirbhé chun meastachán ceart a fháil ar an gcostas a bheadh i gceist. Creidtear nach gcosnódh an suirbhé sin ach cúpla míle punt. Ar ndóigh chosnódh an fánán féin suas le céad míle punt b'fhéidir.
Ba mhaith liom a chur ina luí ar an Aire go bhfuil seo fíor-thábhachtach. Muna dtógfar an fánán ní bheidh ach leath den obair déanta ag an Rialtas ar son na n-oileánach. Tá mé cinnte go mbeidh an tAire fábharach don iarratas seo mar fhear ón Dáilcheantar céanna. Tá súil agam go mbeidh sé in ann a fhógairt anseo anocht go bhfuil sé fábharach agus go mbeidh sé ag tabhairt cead don suirbhé seo dul chun cinn, go gcuirfear an tairgead ar fáil agus sa deireadh go rachfar ar aghaidh ag tógáil an fhánáin ionas go mbeidh an áis sin ar fáil do na hoileánaigh.