Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 24 May 1995

Vol. 453 No. 4

Written Answers. - Inis Oírr.

Máire Geoghegan-Quinn

Ceist:

83 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a bhfuil sé i gceist aige cinneadh a dhéanamh ar iarratas chun forbairt a bhrostú ar an bhfánán nua in aice na céibhe ar Inis Oírr. [9446/95]

Sula ndéanfar cinneadh ar iarratas chun fánán nua a thógáil in aice na cé nua atá á tógáil ar Inis Oírr, tá gá le triail a dhéanamh ar dtús chun an féidearthachtaí a bhainfidh le fánán a thógáil a fháil amach. Tá deontas lánchostais de £5,000 ceadaithe agam chun a chumasú do Roinn na Mara an triail sin a dhéanamh.

Breithneofar an cheist tuilleadh nuair atá torthaí na trialach ar fáil.

Barr
Roinn