Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Jun 1995

Vol. 454 No. 1

Written Answers. - Iris na Roinne.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

51 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nach raibh aon altanna i nGaeilge san iris dar teideal Inside Education a d'fhoilsigh a Roinn le gairid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9183/95]

An iris a ndearna an Teacha tagairt di, is iris inmheánach le haghaidh fhoireann na Roinne go bunúsach í, cé go gcuirfeadh léitheoirí eile spéis inti chomh maith.

Mar a deirtear san eagarfhocal, réitíodh an chéad eagrán go mór ar bhonn trialach. Cé nach raibh alt as Gaeilge sa chéad eagrán beidh ábhar as Gaeilge sna heagráin a fhoilseofar feasta agus ba í sin an aidhm a bhí i gcónaí ann.

Barr
Roinn