Éamon Ó Cuív
Ceist:208 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta múinteoir i nGairmschoil Éinne (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe a cheapadh mar mhúinteoir ex quota. [13000/95]
Vol. 455 No. 8
208 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta múinteoir i nGairmschoil Éinne (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe a cheapadh mar mhúinteoir ex quota. [13000/95]
Níl an t-ionrollú sa scoil seo mór go leor le haghaidh poist treorach iomlán taobh amuigh den cuota.
Tá leithroinnt d'uaireanta páirt-aimseartha ceadaithe taobh amuigh den cuota do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe don scoil-bhliain 1995-96 le haghaidh treorach, áfach. Is ceist don Choiste í, ar an gcéad dul síos, múinteoir a cheapadh.