Éamon Ó Cuív
Ceist:236 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén réiteach atá déanta maidir le cóiríocht bhuan a chur ar fáil do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, Gaillimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13229/95]
Vol. 455 No. 8
236 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén réiteach atá déanta maidir le cóiríocht bhuan a chur ar fáil do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, Gaillimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13229/95]
Tá láithreán oiriúnach do fhoirgneamh buan do Gaelscoil Mhic Amhlaigh aimsithe ag údaráis na scoile. Tá luach curtha ar an láithreán ag an Oifig Luachála. Ag eirí as sin, tá ceisteanna le soiléiriú le Bardas na Gaillimhe. Scríobh mo Roinn le deánaí chuig an Bardas maidir leis na ceisteanna seo. Nuair a bheidh freagra ar fáil ón mBardas, déanfaidh mo Roinn teangmháil arís le húdaráis na scoile.