Tá sonraí sa tábla leis seo maidir le gach cás ar leith inar cheap mo Roinnse comhairleoirí lenar bhain costas de bhreis ar £5,000 sa tréimhse ó 16 Nollaig 1994. Lorgaíodh tairiscintí i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta i ngach cás acu sin, le heisceacht amháin. Sa chás áirithe sin, is comhairle dlí sna Stáit Aontaithe a bhí á lorg agus roghnaíodh an comhlacht ar mholadh ó Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit.
I gcásanna ina raibh seirbhísí comhairleoireachta á bhfáil ar chostas níos lú ná £5,000, lorgaíodh tairiscintí sna cásanna ina raibh sé praiticiúil. Níor glacadh leis an tairiscint is ísle i gcás amháin acu sin (lenar bhain costas £900) nuair nach rabhthas sásta go raibh an tairisc-inteoir is ísle inniúl chun an togra a chur i gcrích go sásúil. Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé críonna an cás áirithe sin a lua.
Tábla
Comhairleoirí lenar bhain costas de bhreis ar £5,000 a ceapadh ó 16 Nollaig 1994