Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aitheantas do Chomharchumann i gConamara.

Michael Ahern

Ceist:

6 D'fhiafraigh Mr. M. Ahern den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas reáchtála a cheadú do Chomharchumann Turasóireachta Chonamara agus Árann Teoranta. [15789/95]

Gerard C. Connolly

Ceist:

7 D'fhiafraigh Mr. Connolly den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas reáchtála a cheadú do Chomharchumann Turasóireachta Chonamara agus Árann Teoranta. [15796/95]

Éamon Ó Cuív

Ceist:

27 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas reáchtála a cheadú do Chomharchumann Turasóireachta Chonamara agus Árann Teoranta. [14008/95]

Matt Brennan

Ceist:

35 D'fhiafraigh Mr. M. Brennan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige deontas reachtála a cheadú do Chomharchumann Turasóireachta Chonamara agus Árann Teoranta. [15795/95]

Martin Cullen

Ceist:

39 D'fhiafraigh Mr. Cullen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas reáchtála a cheadú do Chomharchumann Turasóireachta Chonamara agus Árann Teoranta. [15797/95]

Liam Aylward

Ceist:

41 D'fhiafraigh Mr. Aylward den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas reáchtála a cheadú do Chomharchumann Turasóireachta Chonamara agus Árann Teoranta. [15792/95]

Michael McDowell

Ceist:

44 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta aitheantas iomlán Comharchumainn a thabhairt do Chomharchumann Turasóireachta Chonamaras agus Árann atá mar phríomhaidhm aige cur chun cinn na turasóireachta cultúrtha mar bhealach leis an nGaeilge a chosaint ar shlua turasóirí agus cur le hioncaim na dteaghlach Gaeltachta trí chothú agus trí fhorbairt turasóireachta cultúrtha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15769/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6, 7, 27, 35, 39, 41 agus 44 le chéile.

Thug mo Roinnse cúnamh fial as fáltais an chrannchuir náisiúnta do Thurasóireacht Chonamara agus Árann i mblianta tosaigh na heagraíochta mar chabhair di chun dul chun cinn a dhéanamh. Tá deireadh leis an gcúnamh áirithe sin anois.

Faoi Scéim na gComharchumann de chuid mo Roinne féadfar deontas reachtála a cheadú do chomharchumann Gaeltachta a bhfuil forbairt iomlán a cheantar feidhme á cur chun cinn aige. I gcás Thurasóireacht Chonamara agus Árann, cé go n-aithním go mbíonn seirbhís thábhachtach á cur ar fáil ag an eagraíocht ar mhaithe lena ceantar feidhme, ní bhíonn a cuid gníomhaíochtaí dírithe ar fhorbairt phobail ar bhonn leathan agus sna cúinsí ní thig liom deontas reachtála a cheadú sa chás faoi Scéim na gComarchumann.

Is ar fhorbairt thionscal na turasóireachta in a cheantar feidhme a bhíonn Turasóireacht Chonamara agus Árann ag díriú agus is é Údarás na Gaeltachta, seachas mo Roinnse, a bhíonn ag cuidiú ar scála teoranta le cur chun cinn an tionscail sin sa Gaeltacht. Tá mo Roinnse i mbun comhráite leis an Údarás maidir le ról na heagraíochta sin i dtaca le cúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht a chinntiú agus cuirfear cás na n-eagras turasóireachta Gaeltachta agus cúnamh dóibh san áireamh sna comhráite sin.

An aontódh an tAire liom, i gcás na gcomharchumann eile a bhí ag plé le rud sainiúil amháin, gur tugadh deontais reachtála dóibh faoi Scéim na gComharchumann thar na blianta?

Tuigfidh an Teachta nuair a deineadh athmheas ar na comharchumainn gur thug mé ardú dóibh a rabhadar ag fanacht air leis na blianta agus rialtais éagsúla i gcumhacht. D'ardaigh mé an deontas reachtála dó na comharchumainn. Leagamar síos coinníollacha — sé sin go mbeadh siad ag freastal ar an bpobal ar bhonn leathan agus aontaíodh é sin.

An t-aon deacracht atá anois ann leis an gcomharchumann sin ná go bhfuil sé difriúil. Níl aon mhilleán orthu mar go bhfuil siad ag plé le rud tábhachtach agus sin an fáth go bhfuair siad an t-airgead — chun tosú. An bealach is fearr chun cabhrú leo agus na haidhmeanna a bhaint amach ná comhoibriú idir an Roinn Turasóireachta agus Trádála agus an tÚdarás. Táimid ag déanamh dul chun cinn i gcainteanna air seo le dhá mhí anuas.

Nach n-aontódh an tAire liom gur tugadh deontais reachtála cheana do chomharchumainn a bhí ag plé le rud mar shampla le caoirigh nó le hiascaireacht. Cén uair a athraíodh na rialacha maidir le deontais reachtála do na comharchumainn? Agus an tríú cheist ná ar cuireadh in iúl do na comharchumainn go bhfuil na critéir faoin a mheastar deontais do chomharchumainn tar éis a athrú?

Tógfaidh mé an cheist dheireannach ar dtús. Cuireadh. Pléadh na coinníollacha i gcomhráite leis na comharchumainn agus deineadh ainilís ar na comharchumainn. Tuigeann gach comharchumann atá ag fáil deontas reachtála faoi láthair na coinníollacha atá leagtha síos.

Maidir le stair an ruda, tharla sé go raibh deontais éagsúla ag dul do chomharchumainn ar bhoinn éagsúla ach ní mar sin atá ó thosaigh mise mar Aire.

An nglacann an tAire leis go bhfuil obair thábhachtach á déanamh ag Comharchumann Turasóireachta Chonamara agus Árainn? Caithfidh gur ghlac an Roinn leis cheana go raibh tábhacht ag baint leis mar gur chuir siad deontais ar fáil dóibh. Muna bhfuil sé sásta anois deontas a chur ar fáil mar nach bhfuil na haidhmeanna leathan go leor an mbeadh sé sásta deontas reachtála a thabhairt dóibh ar bhunús eile i dtreo is go mbeadh ar a gcumas leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl acu?

Tá freagra tugtha agam ar phointe an Teachta Molloy Fuair mé iarratas ar dheontas reachtála faoi scéim a bhfuil coinníollacha ag baint leis nach raibh á gcomhlíonadh san iarratas. Níl aon mhilleán orthu faoi seo. Chomh maith leis sin tá sé ráite agam go bhfuil mé ag féachaint ar an iarratas i gcómhthéacs na gcómhráití atá ar siúl idir an Roinn Turasóireachta agus Trádála, an tÚdarás agus mo Roinnse féachaint an féidir linn cabhrú leis an obair fhiúntach atá ar siúl acu.

An bhféadfadh an tAire cóip de na riala cha nó na critéir nua a bhaineann le ceadú deontais reachtála do chomharchumainn a chur ar fáil domsa agus do na Teachtaí eile anseo le go mbéadh a fhios againn céard iad féin? Agus, ó tharla nach féidir leis cúnamh a thabhairt don chomharchumann áirithe seo faoi scéim na gcomharchumann an bhfuil i gceist aige cumhacht a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta deontais reachtála a íoc ó tharla gur faoi scáth an Údaráis, is cosúil, go bhfuil an gnó seo á chur. Agus an aontódh sé, muna dtugann sé an chumhacht sin don Údarás nach réiteoidh sé fadhbanna an chomharchumainn áirithe seo trí é a aistriú anonn go dtí an tÚdarás mar gur pócaí folamha a bheidh acu ag deireadh an lae má dhéantar é sin.

Ar an gcéad dul síos tá an t-eolas seo ar fáil ó mo Roinn le píosa fada. Ní bheidh aon deacracht agam é a fháil agus a chur go dtí na Teachtaí a bhfuil suim acu sna comharchumainn. Chomh maith leis sin ba chóir go mbeadh sé iontuigthe gur fhreagair mé ceisteanna sa Dáil cheana — agus tá sin sa record — faoi thodhchaí na gcomharchumann. Mar a dúirt mé, tá sé fíor suimiúil go raibh na comharchumainn ag lorg ardú sa deontas reachtála leis na blianta agus nach bhfuair siad pingin rua. Sular thug mé ardú sa deontas reachtála bhí cainteanna agam féin agus ag mo chuid oifigeach leis na comharchumainn. Leagadh síos an tuiscint nua faoi na comharchumainn agus leanfaimid ar aghaidh mar sin. Rud eile atá tábhachtach— agus ní maith liom é seo a rá — ar leibhéal amháin tá páirtí an Teachta féin ag iarraidh srian a chur le caiteachas poiblí agus ag an am gcéanna tá sé i bhfábhar airgead a chaitheamh.

Teagasc polaitiúil.

Tá an ceart ag an Teachta Molloy faoi rud amháin. Tagann an cheist seo faoi chumhachtanna turasóireachta an Údaráis agus an Roinn Turasóireachta agus Trádála suas go minic. Tá mé ag déanamh iarracht dul ar aghaidh leis agus sin an fáth go raibh na cainteanna ar siúl. Tá mé sásta féachaint an féidir linn, taobh istigh den Údarás, scéim nó cabhair a eagrú i dtreo is go mbeidh an comharchumann seo in ann dul ar aghaidh leis an obair fhiúntach atá ar siúl acu.

Ba mhaith liom dá gcuirfeadh an tAire an t-eolas faoi na bunrialacha ar fáil, go háirithe do na Teachtaí a chuir na ceisteanna síos. Ach an bhféadfadh an tAire a rá liom cén fad atá a Roinn ag breathnú ar an iarratas le haghaidh deontais ón gcomharchumann seo? Cén fath a bhfuil moill air agus an bhféadfadh sé a chur in iúl don Teach cathain a bheidh cinneadh á dhéanamh. Cé chomh mór is atá an deontas atá á lorg acu agus cé mhéid atá sé sásta a chur ar fáil?

Bheadh sé éasca iad a dhiúltiú toisc nach raibh siad taobh istigh den scéim mar a leagadh amach é. Ach glacaimid leis go bhfuil obair thábhachtach ar siúl acu agus táimid ag féachaint an féidir linn comhthéacs a chruthú inar féidir linn cabhrú leo. Sin an fáth go bhfuil moill ann agus tá brón orm faoi. Mar shampla, tháinig iarratas ar chruinniú isteach ar an 7 Meán Fómhair. Tógfaidh mé na cainteanna ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir liom.

Tá diúltiú faighte ag an gcomharchumann agus tá an-áthas orm go bhfuil sé i gceist ag an Aire na cainteanna a thabhairt ar aghaidh maidir leis an Údarás. Ach mar is eol don Aire níl aon chumhacht ag an Údarás i láthair na huaire deontais reachtála a íoc. Ach an bhféadfainn a fhiafraí den Aire, idir seo agus sin, le nach dtitfidh an eagraíocht as a chéile. an bhfuil sé sásta deontas eatramhach ón gcrannchur náisiúnta nó ó áit éigin faoi scéim éigin a thabhairt don chomharchumann le cur ar a gcumas feidhmiú go dtí go ndéanfar cinneadh conas a dhéanfar iad a airgeadú faoi scéimeanna an Údaráis.

Ní féidir liom geallúint den tsórt sin a thabhairt ar ócáid mar seo agus ní bheadh sé ceart. Mar a dúirt mé, ó thaobh amháin den Teach tá mé ag éisteacht le scéalta faoi fhreagracht i gcúrsaí airgeadais agus mar sin de — an tábhacht a bhaineann le bunspriocanna éagsúla — agus ag an am gcéanna ag éisteacht le hachainí chun airgead a chaitheamh.

Déanfaidh mé an cás a mheas agus níl aon mhíthuiscint ann. An chaoi ina raibh sé ná go raibh comharchumainn ag fáil deontais reachtála ar choinníollacha faoi leith. Ní raibh an t-iarratas ón gcomharchumann seo taobh istigh de na coinníollacha sin. Tá mé ag déanamh iarracht a fháil amach an féidir liom teacht ar chaoi éigin chun cabhrú leo. Ní féidir liom níos mó a dhéanamh agus níl na cainteanna ar an Meastacháin thart fós. Ní bheadh sé ceart geallúint mar sin a thabhairt mar tá an Ghaeltacht lofa le raflaí mar sin.

Cuirim fáilta roimh an méid a dúirt an tAire ar dtús. Ach nach fíor go ndúirt sé agus gur tharla sé go raibh deontais íoctha cheana féin leis an gcomharchumann seo? Cén fáth a mbeadh aon deacracht ag an Aire anois bunús a fháil chun deontas a íoc leo arís?

Fuair siad an chéad deontas chun tosnú agus bhí sé iontuigthe tar éis an chéad deontais sin, go mbeadh fóinsí airgid eile ar fáil dóíbh.

Barr
Roinn