Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta agus Turasóireacht.

Peadar Clohessy

Ceist:

26 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé míníu ar na róil éagsúla atá ag Údarás na Gaeltachta seachas an ról atá ag Bord Fáilte i gcur chun cinn na turasóireachta. [15774/95]

Is tionscal fíorthábhachtach don Ghaeltacht é tionscal na tuarasóireachta.

Tá comhthuiscint idir Údarás na Gaeltachta agus Bord Fáilte i gcaoi nach dtagann an dá eagraíocht salach ar a chéile ina gcuid gníomhaíochtaí agus i gcásanna cuí bíonn comhoibriú eatarthu ar thograí comhspéise.

Go ginearálta is le forbairt thionscnamh sonracha straitéiseacha sa Ghaeltacht le béim ar thurasóireacht chultúrtha agus oidhreachta a bhíonn baint ag an Údaras seachas ar fhorbairt na tuarasóireachta i gcoitinne atá mar chúram ar Bhord Fáilte agus ar na heagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla faoin scáith.

Barr
Roinn